Blár na h-Eaglaise Brice (1298)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Blár na h-Eaglaise Brice
Dáta: 22 Iúil 1298
Áit: An Eaglais Bhreac, Albain
Toradh: Bua na Sasanach
Céilí comhraic
Arm Shasana Arm na nAlbanach
Ceannasaithe
Éadbhard I Shasana Uilleam Uallas
Slua
15,000 6,000
Taismigh
2500 marbh nó créachtaithe 2000 marbh agus 2000 tréigthe

Troideadh Blár na h-Eaglaise Brice (nó Cath na hEaglaise Brice i nGaeilge na hÉireann), ceann de na cathanna móra i gCéad Chogadh Neamhspleáchais na hAlban, ar an 22ú Iúil, 1298. Faoi stiúir a rí, Éadbhard I Shasana, fuair arm Shasana an lámh in uachtar ar arm na nAlbanach, a bhí faoi stiúir Uilleam Uallas, agus go gairid tar éis an chatha, d'éirigh Uallas as a chion feidhme mar Chaomhnóir na hAlban.

Réamh-ghníomhartha[athraigh | edit source]

Bhí an Rí Éadbhard I Shasana i mbun feachtais in aghaidh na Fraince i bhFlóndras nuair a d'fhoghlaim sé faoi theip a arm tuaisceartach ag Cath Dhroichead Sruighle. Tar éis sos cogaidh a chur i gcrích le Pilib IV na Fraince , d'fhill sé ar Shasana i Mi Márta na bliana 1298 agus chuir sé tús láithreach le heagrú arm i gcomhair a dhara ionradh ar Albain. Mar réamh-chéim, bhog sé lár a rialtais go dtí Eabhrac, áit a raibh sé lonnaithe ar feadh sé bliana. I mí Aibreáin, d'eagraíodh comhairle chogaidh sa chathair chun sonraí an ionraidh a thabhairt chun críche. cuireadh toghairm ar móruaisle na nAlbanach go léir a bhí i láthair, agus nuair nár tháinig siad fógraíodh iad dtréatúirí. D'ordaigh Éadbhard go mbaileodh a chuid arm le chéile ag Rosbrog ar an 25 Meitheamh. Bhailigh se fórsa mórthaibhseach : os cionn 2,000 capall agus 12,000 coisithe, lena n-áirítear buíon ollmhór Breatnach a bhí armtha leis an mbogha fada.

Go luath i mí Iúil, thosaigh an mórshiúil ó thuaidh. Nior chuaigh rudaí go maith. Bhí polasaí an rualoiscthe ordaithe ag Uilleam Uallas, a d'fhág na hionróirí gan soláthairtí úra. Ghéill na hAlbanaigh talamh roimh fhorsai an Ri Éadbhardh, ag tarraingt iad níos doimhne isteach i gcríoch aimride agus naimhdeach. Cuireadh moill ar chabhlach Éadbhaird féin mar gheall ar dhroch aimsir, agus nuair a shroich an arm lár na hAlban bhí sé gar do ocras. Bhí na coise ón Bhreatain Bhéag ach go háirithe in ísle brí. Nuair a bhí an arm lonnaithe ag Teampaill Liston, in aice Dún Éideann, thit círéib ólta amach ach chuir marcshlua na Sasanach é faoi chois, agus fágadh 80 Breatnach marbh.

Bhí an dóigh ann go mbeadh cúlú uiríslithe in ann d'Éadbhard mar a mbeadh go rialta ag a mhac i bhfeachtais ina dhiaidh sin. Nuair a bhí sé ar an bpointe filleadh ar ais go Dún Éideann, fuair sé amach go raibh Uallas lonnaithe i lár coille Challendar in aice leis an Eaglais Bhreac, trí mhíle déag ar shiúl, réidh chun sa dul sa tóir ar na Sasanaigh ag cúlú. Bhí áthas ar Éadbhard

Dealbh de Uallas, Obar Dheathain.