Bithinnealtóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dearadh is táirgeadh feistí meicniúla is leictreonacha leighis a chuireann na forbairtí teicneolaíochta is déanaí i bhfeidhm chun fadhbanna míochaine a réiteach. Mar shampla, na meaisíní a chabhraíonn le diagnóisiú, cosúil le modhanna nua íomháithe, ionstraimí a chabhraíonn le cleachtadh leighis, máinliacht ríomhchuidithe, modhanna feabhsaithe chun drugaí a sheachadadh d'ionaid is orgáin ghalraithe, agus a lán eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bithinnealtóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 76.