Beoghearradh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beoghearradh

Dioscadh ainmhithe beo ar chúiseanna turgnamhacha. Déantar taighde ar iarmhairtí drugaí nua, biabhreiseán, cosmaidí is an-chuid ceimiceán eile, fíocháin na colainne is iompar ainmhithe cosúil le muca guine, coiníní, francaigh, moncaithe, mar mhalairt ar dhaoine. Rialaítear an taighde seo go diongbháilte le reachtanna i dtíortha an iarthair, ach mar sin féin spreagann sé freasúra láidir i gcuid mhaith tíortha, cuid de in aghaidh an dlí, i gcoinne na gcomhlachtaí a bhíonn taobh thiar de is na n-eolaithe a dhéanann é.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Beoghearradh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 71.