Baile an Chinnéidigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baile an Chinnéidigh
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Wicklow Magnified.png
Daonra (2006) 2,548
Airde:
Contae: Contae Chill Mhantáin
Cúige: Laighin

Sráidbhaile in Éirinn is ea Baile an Chinnéidigh (Béarla: Newtownmountkennedy). Tá sé suite i gContae Chill Mhantáin timpeall 14 chiliméadar (9 míle) ó thuaidh ó Bhaile Chill Mhantáin, i leataobh ón mbóthar N11 go Loch Garman. Is cuid de pharóiste Chill Chomhaid é Baile an Chinnéidigh, agus tá séipéal cúnta ann. Tá ceanncheathrú Choillte Teoranta lonnaithe sa choill máguaird. De réir an daonáireamh bhí 2,548 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2006.