Bóithre agus mótarbhealaí in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá gréasán mór bhóithre in Éirinn, idir mótarbhealaigh, bóithre príomha agus tánaisteach, bóithre réigiúnacha agus bóithre áitiúla. Thóg údaráis an Tuaiscirt a gcuid mhótarbhealach don chuid is mó roimh 1972, ach thoisigh údaráis na Poblachta á dtógáil ó na lár-80aidí ar aghaidh. Tá pleananna náisiúnta (amharc ar Phlean Forbartha Náisiúnta nó an PFN) faoi lán sheol anois chun caighdeán an ghnáth-bhóithre a fheabhsú mar aon le tíortha eile ar fud na hEorpa agus ag go háirithe ar na príomhbhealaigh móra ag teacht amach ó Bhaile Átha Cliath.

Sa Phoblacht, bíonn comharthaí scríofa i nGaeilge, i gcló beag iodálach i gcomparáid leis an leagan Béarla a bhíonn scríofa i gcló níos móire agus neamh-iodálach. Sa Ghaeltacht, bíonn na comharthaí i nGaeilge amháin, i gcló beag iodálach. Sa Tuaisceart, bíonn comharthaí ar fháil i mBéarla amháin.

Fógra ar an M4 in aice le Cionn Átha Gad.

Mótarbhealaí[athraigh | edit source]

Tagann mótarbhealaigh an deiscirt amach ó Bhaile Átha Cliath. Cuireadh deireadh leis an tionscamh fadtéarmach an M50 i 2006. Táthar ag tógáil ceangal úra ar an chúrsa leis, sa dóigh is nach mbeidh ar thiománaithe ar bith stopadh ag timpeallachtaí. Cé go bhfuil cúpla bóithre débhealach thart faoi na príomh-chathaireacha eile, níl aon mótarbhealach déanta go dtí seo.

Is iad na mótarbhealaigh i bPoblacht na hÉireann faoi láthair ná:

Níl an struchtúr céanna ag gréasán Thuaisceart Éireann, cosúil leis an struchtúr atá ag an bPoblacht. Den chuid is mó, tá dhá phríomh-mhótarbhealach, le cúpla mótarbhealach íseal eile ag teacht uathu.

Bóithre Náisiúnta[athraigh | edit source]

Fógra ar an N8 in aice leis an M7.

Is Príomhbhóithre Náisiúnta iad na bóithre idir an N1 agus an N30, ach is Bóithre Tánaisteach Náisiúnta iad na bóithre eile uillig.

Agus arís, níl an struchtúr ceanna ag gréasán na Tuaisceart, maidir le príomhbhóithre ach an oiread. Is amhlaidh nach bhfuil structúr amháin ag an chóras ó thuaidh.

Naisc[athraigh | edit source]