Béite-cháithnín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An cáithnín luchtaithe a astaítear i mbéite-mheath. De ghnáth is leictreoin (ardfhuinnimh) ar ardluas a astaítear, ach uaireanta astaítear posatrón agus tugtar béite-cháithnín air seo freisin. Tugtar béite-gha ar shruth díobh, ceann amháin den 3 shaghas astaíochta radaighníomhaí. Bíonn raon leathan fuinnimh ag na béiteacháithníní ó fhoinse ar leith. De ghnáth is féidir leo taisteal roinnt méadar san aer.