Athsheachadán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas leictreamaighnéadach nó soladstaideach a fheidhmítear trí athruithe sa chomhartha ionchuir chun gléasanna eile atá ceangailte leis an aschur a rialú nó a fheidhmiú. Bíonn an chuid is mó díobh i gciorcaid leictreacha, bíodh is gur féidir ionchuir nó aschuir mheicniúla a bheith acu. Bíonn raon leathan feidhmeanna acu i malartáin teileafóin, lasca is córais uathoibríocha.