Aspidistra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aspidistra elatior

Planda ilbhliantúil síorghlas atá dúchasach d'oirthear na hÁise. Na duilleoga, le gais fhada, ubhchruthach leathrúil, a mhaireann cuid mhaith blianta. Na bláthanna clogchruthach le clúdach ar chruth scáth báistí, corcra neamhlonrach. Fásann sé gar don talamh, agus pailníonn seilidí é. Fulaingíonn sé scáth is triomach go maith, agus an-choitianta mar phlanda pota.