Ascophyllum nodosum

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAscophyllum nodosum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtChromista
FíleamOchrophyta
AicmePhaeophyceae
OrdFucales
FineFucaceae
GéineasAscophyllum
SpeiceasAscophyllum nodosum Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Speiceas de Phaeophyceae nó d'algaí donna, san bhfine Fucaceae is ea Ascophyllum nodosum, agus an t-aon speiceas sa ghéineas Ascophyllum. Is feamainn de chuid an Aigéin Atlantaigh Thuaidh í, ar a dtugtar an fheamainn bhuífeamainn bhuí Thuaidh-Atlantach uirthi. Tá sí ar fáil go coitianta ar chósta thuaidh thiar na hEorpaSvalbard go dtí an Phortaingéil) lena n-áirítear an Ghraonlainn thoir [1] agus ar an chósta thoir-thuaidh de Mheiriceá Thuaidh. [2]

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn froinn fhada righne agus ba gheall le leathar [3] ag A. nodosum, a fhásann go mírialta déscartha ar uillinn,[4] le bolgáin aeir mhóra ubhchruthacha, leagtha amach i sraitheanna ag eatraimh rialta ar feadh na bhfrún ach neamhghasach. Is féidir leis na froinn fás go dtí 2 m ar fhad agus daingníonn ríosóidigh an fheamainn leis na carraigeacha. Tá dath glasbhuí,[5] glasdhonn ar na froinn, agus beagán comhbhrúite, ach gan meánfhéith.[6]

Atáirgeadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá saolréim an phlanda dioplóidigh agus gaiméití. Tá gach planda aonair fireannach nó baineannach. Táirgtear na gaiméití san earrach] i gcoimpreáin leabaithe i ngabhdáin buí ar chraobhacha gearra. [7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ascophyllum nodosum (Linnaeus) Le Jolis". AlgaeBase.
  2. W. R. Taylor (1962). "Marine Algae of the Northeastern Coast of North America". Ann Arbor, University of Michigan Press. 
  3. Bunker, F.StP., Maggs, C.A., Brodie, J.A. and Bunker, J.A. 2017. Seaweeds of Britain and Ireland. Second Edition. Wild Nature Press, Plymouth, UK. ISBN 978-0-9955673-3-7
  4. Newton, L. 1931. A Handbook of the British Seaweeds. British Museum, London
  5. Harvey, W.H. 1841. A Manual of the British Algae: London, John van Voorst, London
  6. S. Hiscock (1979). "A field key to the British brown seaweeds (Heterokontophyta)". Field Studies 5: 1–44. 
  7. H. Stegenga, J. J. Bolton & R. J. Anderson |year=1997 |teideal=Seaweeds of the South African West Coast |publisher=Bolus Herbarium Humber 18, University of Cape Town |isbn=0-7992-1793-X}}