Arthur Stanley Eddington

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réalteolaí a rugadh i gKendal Shasana ab ea Arthur Stanley Eddington (1882-1944). I 1919 rinne sé breathnuithe ar ionaid réaltaí le linn urú iomlán na Gréine, agus thug an chéad chruthú díreach ar theoiric na coibhneasachta speisialta de chuid Einstein. Cáil ar a leabhar The Expanding Universe (An Chruinne Fhorleathnaitheach, 1933) agus as eolas ar an eolaíocht a scaipeadh i measc an phobail.