Arsainíd alúmanaim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachArsainíd alúmanaim
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach101.903135 Da
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachAlAs
SMILES canónta
Model 2D
[Al]#[As]
InChIModel 3D
Criostalghrafaíocht
Criostalchórascubic crystal system (en) Aistrigh

Ábhar leathsheoltóra is ea arsainíd alúmanaim (AlAs) le beagnach an tairiseach laitíseach céanna is a bhíonn ag arsainíd ghailliam agus arsainíd alúmaniam ghailliam agus bandabhearna níos leithne ná arsainíd ghailliam. Is féidir le AlAs sárlaitís a dhéanamh le arsainíd ghailliam (GaAs) agus dá bharr sin bíonn airíonna leathsheoltóra de thoradh air. Toisc go mbíonn beagnach an tairiseach laitíse céanna ar (GaAs) agus (AlAs),bíonn straidhn ionduchtaithe an-beag sna sraitheanna, a ligeann dóibh a bheith fásta beagnach go haondeonach go tiubh. Ceadaíonn sé seo feidhmíochta an-ard i soghluaisteacht ard na leictreon, trasraitheoirí HEMT, agus gairis loig chandaim eile.