Arbor vitae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann nó tom síorghlas cónaiféarach atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh, an tSín, an Téaváin is an tSeapáin. Na duilleoga lannach, ag dul thar a chéile, i bpéirí urchomhaireacha. Na buaircíní próca-chruthach, le lanna tanaí. Tugtar céadrais ar na speicis ar leith, agus luaitear an tír dhúchasach is dath an adhmaid san ainm freisin.