Arócar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann cónaiféarach síorghlas, dúchasach don tSile is an Airgintín. Na géaga ina bhfáinní oscailte, clúdaithe le duilleoga crua géarbhioracha triantánacha forluite. Táirgeann sé síolta inite is adhmad inúsáidte péine paránach. Tugtar an ghiúis Shileach air freisin. Fástar go minic i bpáirceanna is gairdíní é mar ábhar fiosrachta.