Aol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ocsaíd nó hiodrocsaíd chailciam den chuid is mó, a tháirgtear trí aolchloch a théamh go dtí teocht os cionn 800 °C agus mar sin dé-ocsaíd charbóin a dhíbirt aisti. Uaireanta, bíonn maignéisiam in ionad cuid den chailciam. Nuair a thriomaítear an t-earra, tugtar aol beo air. Nuair a chuirtear uisce leis tiontaítear an ocsaíd go dtí an hiodrocsaíd, agus deirtear gur aol teilgthe é ansin.