Anthony Leggett

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Anthony Leggett, 2007

Fisicí a saolaíodh ar 26 Márta 1938 i Londain is ea Sir Anthony "Tony" James Leggett. Treoraí domhanda i bhfisic na hísealteochta. Sa bhliain 2003, le hAlexei Abrikosov is Vitaly Ginzburg, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic as a thaighde ceannródaíoch ar fhorsheoltóirí agus forshreabhacht. Tá sé ina ollamh le fisic ag Ollscoil Illinois, Urbana-Champaign ón bhliain 1983 i leith. Tá saoránacht Bhriotanach agus Mheiriceánach aige.