António Caetano de Abreu Freire Egas Moniz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Néaramháinlia is taidhleoir a rugadh in Avença na Portaingéile ab ea António Caetano de Abreu Freire Egas Moniz (1874-1955). Aithnítear é mar bhunaitheoir na síceamháinliachta nua-aimseartha. I 1949 bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine le Walter Hess as gearradh na néaróg ceangailte idir an maothán réamhthosaigh san inchinn is an chuid eile den inchinn (lóbaitime) a fhorbairt mar chóireáil bhunúsach ar mhí-eagair mheabhracha áirithe. D'fhorbair sé an aingeaghrafaíocht freisin chun siadaí inchinne a dhiagnóisiú.