An Píobaire Breac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seanscéal ón nGearmáin is ea an scéal faoin bPíobaire Breac. Is é is ábhar don scéal ná píobaire a tháinig go cathair Hameln sa tríú haois déag leis an ruaig a chur ar fhrancaigh na háite le ceol a fheadóige. D'éirigh an cleas seo leis, ach nuair nach bhfuair sé luach a shaothair ó mhuintir na háite mar a bhí socraithe, chuir sé an ruaig ar pháistí na háite freisin.

An Píobaire Breac

Ba iad Jacob agus Wilhelm Grimm, na deartháireacha a bhí ina dteangeolaithe agus ina mbéaloideasóirí móra sa Ghearmáin sa naoú haois déag, ba túisce a d'fhoilsigh an seanscéal seo faoi chlúdach leabhair. Ina dhiaidh sin, chuala an saol iomrá ar Phíobaire Breac Hameln, agus is féidir a rá gur cuid den chultúr dhomhanda é inniu.

An Seanscéal[athraigh | edit source]

Seo an leagan den scéal a d'fhoilsigh na deartháireacha Grimm ina mbailiúchán seanscéalta:

De réir mar a insítear é, chonacthas fear aisteach ag teacht go Hameln, sa bhliain 1284. Bhí sé ag caitheamh culaith as éadach breac ildaite, agus dúirt sé gurb í an cheird a bhí aige ná francaigh a ghabháil. Gheall sé do mhuintir na háite go gcuirfeadh sé an ruaig ar na lucha agus ar na francaigh go léir as Hameln, dá bhfaigheadh sé suim áirithe airgid.

Bhí muintir Hameln sásta an t-airgead a ghealladh dó, agus ansin, rug sé ar an bhfeadóg nó ar an bhfliúit a bhí aige le ceol a bhaint aisti. Nuair a bhí sé ag seinm, tháinig na francaigh agus na lucha as tithe na cathrach ar fad, agus iad ag bailiú ina thimpeall. Nuair ba léir dó nach raibh oiread agus luch amháin fágtha in aon teach, d'fhág sé an chathair agus thug sé a aghaidh ar Abhainn Weser. Lean na lucha agus na francaigh é agus iad sna sála aige; lean siad isteach san abhainn é agus rug an sruth orthu, agus bádh iad go léir. Nuair a chonaic muintir na háite cé chomh furasta agus a d'éirigh an obair leis an bpíobaire, tháinig aiféaltas orthu go raibh siad tar éis duais chomh hard a ghealladh don phíobaire, agus dhiúltaigh siad luach a shaothair dó, ionas gur imigh sé leis ón áit gan sciúrtóg rua, feargach feanntach.

Ar an séú lá fichead de Mhí an Mheithimh, tháinig sé ar ais. Bhí sé i mbréagriocht an tsealgaire, hata dearg aisteach á chaitheamh aige, agus gnúis uafásach air. Nuair a bhí muintir na háite ag ceiliúradh an Aifrinn san eaglais, thosaigh an píobaire ag séideadh fonn nua ceoil ar a fheadóg. An uair seo, níorbh iad na francaigh a fuair iad féin faoi dhraíocht aige, ach páistí na háite, idir chailíní óga agus stócaigh bheaga. Lean na páistí é trí gheata mór na cathrach go dtí an sliabh, áit a ndeachaigh ceal ann féin chomh maith leis na páistí. Níor fhill ach beirt acu, ó tháinig siad ródhéanach go dtí an sliabh. Bhí duine acu dall, ionas nach raibh sé ábalta an áit a thaispeáint inar imigh na páistí, agus duine acu gan chaint, ionas nach raibh sé ábalta a insint, cár tharla sé. Deirtí freisin gur fhill gasúr beag eile abhaile ar lorg a chóta mhóir, agus gur tháinig sé slán as an tubaiste mar sin. Chreid daoine áirithe gur tugadh na páistí isteach i bpasáiste faoi thalamh agus gur tháinig siad amach arís i dTír na Seacht gCaisleán (is é sin, i gCúige na Trasalváine sa Rómáin). D'imigh 130 páiste ar fad ar an dóigh seo.

An Cúlra Stairiúil[athraigh | edit source]

Dealraíonn sé go ndeachaigh dhá mhóitíf scéalaíochta le chéile sa seanscéal faoin bPíobaire Breac, mar atá, gabhálaí na bhfrancach agus imeacht na bpáistí, agus nár fáisceadh aon scéal amháin as an dá mhóitíf go dtí an seachtú haois déag. Is é an chiall is gnách a bhaint as an scéal seo inniu ná gur fáthscéal atá ann a thugann cur síos ar an dóigh a ndeachaigh Gearmánaigh óga a chónaí in oirthear na hEorpa sa Mheánaois. Is é tuairim Jürgen Udolph, ollamh le logainmníocht i Leipzig, tuairim a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1997, gur shocraigh "páistí" Hameln síos i mBrandenburg, nó tá logainmneacha le haithint ansin atá cosúil leis na logainmneacha timpeall Hameln. Is í an teoiric ar ar bhunaigh Udolph an bharúil seo ná go mbíodh sé de nós ag na coilínigh Ghearmánacha a gcuid sráidbhailte nua a ainmniú as na háiteanna ina raibh cónaí orthu roimhe sin.

Mar sin, má bhí "píobaire breac" ann ar aon nós, is dócha gur gníomhaire de chuid tiarna éigin san oirthear a bhí ann agus é ag mealladh na ndaoine óga chun Hameln a fhágáil le cur fúthu i mBrandenburg. An oiread de dhaoine óga a rinne amhlaidh, d'fhág sé an t-imprisean ar mhuintir Hameln gur cailleadh glúin iomlán de shliocht na cathrach ar an dóigh seo, agus de réir a chéile, rinneadh seanscéal faoin bPíobaire Breac de na cuimhní staire sin.