An Biúró um Shócmhainní Coiriúla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gníomhaireacht feidhmithe dlí é an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (Béarla: Criminal Assets Bureau, CAB) agus í ag obair in Éirinn. Nuair a cuireadh an Biúró ar bun, dílsíodh cumhachtaí ar leith dó le díriú ar shócmhainní ar tháinig coirpigh ina seilbh de thoradh a gcuid tromchionta. Is é is cuspóir don Bhiúró ná sócmhainní coiriúla a aithint le féachaint chuige nach féidir leis na coirpigh úsáid a bhaint as na sócmhainní sin. Is é an sás is fearr chuige sin ná an tAcht um Fháltais ó Choireacht a reachtaíodh sa bhliain 1996. Bunaíodh an Biúró sa bhliain 1996 mar fhoras corparáideach a bhfuil comharbas suthain aige, agus é ag tarraingt ar chuidiú ó ghníomhaireachtaí éagsúla ar nós lucht feidhmithe dlí, bailitheoirí cánach, feidhmeannaigh leasa shóisialta agus speisialtóirí eile ar nós dlíodóirí, foiréinsiceoirí agus lucht anailísithe airgeadais. Meastar gur patrún agus múnla é an coincheap ilghníomhaireachtaí seo do dhlínsí Eorpacha eile.

Ní rannóg de chuid an Gharda Síochána é an Biúró ach foras ar leith cé go bhfuil a lán cumhachtaí aige den chineál a shamhlófaí leis na Gardaí. An duine a cheaptar mar Phríomh-Oifigeach ar an mBiúró, is gnách gur Garda é agus céim an Ard-Cheannfoirt aige. Is é Coimisinéir na nGardaí a cheapann é. An chuid eile d'fhoireann an Bhiúró, is é an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a cheapann iad. Cibé cineál cumhachtaí a bhí ag feidhmeannaigh an Bhiúró roimh an gceapachán, caomhnóidh siad na cumhachtaí céanna agus rochtain acu ar eolas agus ar bhunachair shonraí taobh amuigh den Bhiúró dá réir sin. I Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 2014, dúirt Cigireacht an Gharda Síochána gur "múnla maith é" a bhí sa chumas roinnte eolais seo ar chóir do na húdaráis eile seachas an Biúró aithris a dhéanamh air.

Cuireann an Biúró tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Aire trí Choimisinéir an Gharda, agus teacht ag Tithe an Oireachtais ar an tuarascáil sin chomh maith.