An Oraimis
Afaan Oromoo | |
---|---|
Cineál | teanga, macraitheanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 24,000,000 (2007) |
Dúchasach do | Oromia Region (en) agus Oromo people (en) |
Stáit | an Aetóip, an tSomáil agus an Chéinia |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Afra-Áiseacha teangacha Cúiseacha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach agus Geʽez script (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | om |
ISO 639-2 | orm |
ISO 639-3 | orm |
Glottolog | nucl1736 |
Ethnologue | orm |
ASCL | 9206 |
IETF | om |
Is teanga Chúiseach a labhraítear san Aetóip í an Oraimis (nó Afaan Oromo sa teanga féin), agus gaol cuiosach dlúth aici leis an tSomáilis. Is í an chéad teanga Chúiseach is mó a labhraítear ar domhan agus í an cheathrú teanga is mó a labhraítear san Afraic í (i ndiaidh na hAraibise, na Svahaílise agus na Hásaise). Go príomha, is iad na hOramaigh a labhraíonn Oramais mar theanga dúchais, agus cónaí orthu in Oromiyaa, réigiún eitneach san Aetóip. Cé go bhfuil níos mó cainteoirí Oromaise ná Amairise san Aetóip, níl stádas oifigiúil aici sa tír taobh amuigh d'Oromiyaa, ach amháin sa phríomhchathair Adas Ababa.[1] Tá leathmhilliún cainteoirí ag an teanga sa Chéinia freisin.
Úsáidtear an Aibitír Laidineach sa teanga ón mbliain 1991 anuas. Beidh an BBC World Service ar fáil in Oraimis go luath.[2]
Canúintí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cantanam canúintí í an Oraimis. Is minic nach mbíonn dhá chanúint intuigthe ag cainteoirí a chéile.
De réir an bhunachair shonraí ar líne, Ethnologue, tá ceithre chanúint mhór ag an Oraimis:
- An Oraimis Theas le timpeall ceithre mhilliún cainteoir
- An Oraimis Thoir le timpeall 4.5 mhilliún cainteoir
- Orma le timpeall 66,000 cainteoir
- An Oraimis Thiar agus Láir le timpeall 25 milliún cainteoir.
Dáileadh tíreolaíoch
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir dhaonáireamh na bliana 2007, bhí an Oraimis ó dhúchas ag 24,930,424 duine san Aetóip.[3] Taispeánann an tábla seo cá bhfuil cónaí ar chainteoirí na hOraimise.
Ainm an réigiúin | Líon na gCainteoirí | Céatadán |
---|---|---|
An Aetóip[3] | ||
Kilil Tigrāy | 3,794 | 0.09% |
Qafar | 5,552 | 0.4% |
An Amáir | 456,601 | 2.65% |
Oromiyaa | 23,495,364 | 87.04% |
Deegaanka Soomaalida | 22,696 | 0.51% |
Benishangul-Gumuz | 138,742 | 17.69% |
Réigiún pobail an deiscirt | 207,777 | 1.39% |
Gambela | 14,901 | 4.85% |
Harari | 104,263 | 56.86% |
Adas Ababa | 293,741 | 10.72% |
Dire dawa | 163,920 | 47.95% |
An Chéinia[4] | 356900 | 0.92% |
An tSomáil[5] | 41,600 | 0.37% |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://www.journalducameroun.com/en/ethiopia-afan-oromo-to-serve-as-working-language-in-addis-official/ Curtha i gcartlann 2017-08-31 ar an Wayback Machine (en)
- ↑ http://www.bbc.com/news/world-asia-41389030 (en)
- ↑ 3.0 3.1 "Statistical Tables for the 2007 Population and Housing Census of Ethiopia: Country Level" 91–92 (2007). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-13.
- ↑ https://www.ethnologue.com/country/KE/languages (en)
- ↑ https://www.ethnologue.com/country/SO/languages (en)
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |