Jump to content

An Ghaeilge i dTuaisceart Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis an nGaeilge i dTuaisceart Éireann ná an teanga Cheilteach sin a labhraítear sa chuid sin den oileán.

Teanga oifigiúil í an Ghaeilge, i gcomhair le Bearla, i ndiadh reachtú "Identity and Language (Northern Ireland) Act".

De réir an daonairimh is deanaí (2021), tá cumas éigean i nGaeilge ag 228,617 (12.45%) nduine . Teanga comhluadair í an Ghaeilge fá choinne 5,969 (0.32%) nduine.

Don chéad uair riamh, d'fhiafraigh foirm ceiste an daonairimh minicíocht labhartha Gaeilge.

Dúradh:

Gur labhair 43,557 (2.37%) nduine Gaeilge ar bun laethúil.

Gur labhair 26,285 (1.43%) dhuine Gaeilge ar bun seachtainúil

Nár labhair 47,143 (2.57%) dhuine Gaeilge go minic, ach mar sin féin bhí cumas Gaeilge labhartha acu


Na 10 gceantair bharda leis na ceatadáin is airde de dhaoine a bhfuil cumas éigean acu i nGaeilge ná:

  1. Termon (Tír Eoghain) 43%
  2. Washing Bay 39.35%
  3. Swatragh 36.53%
  4. Falls Park 34.73%
  5. Andersontown 34.22%
  6. Lower Glenshane 33.11%
  7. Mullaghbane 32.46%
  8. Shaw's Road 32.17%
  9. Crossmaglen 31.7%
  10. Stewartstown (Béal Feirste) 31.59%

Tuairiscíodh ceatadán 30% nó níos airde de dhaoine a bhfuil cumas éigean Gaeilge acu i 14 cheantar bharda. Tá an teanga is laidre i lár Thír Eoghain (Termon, Owenkillew, Sixmilecross), in Oirdheisceart Thír Eoghain (Washing Bay), in Ard Mhacha Theas (Mullaghbane, Crossmaglen, Forkhill), in Oirdheisceart Dhoire (Swatragh, Lower Glenshane) agus in Iarthar Bhéal Feirste (Falls Park, Andersontown, Shaw's Road, Stewartstown, Colin Glen).

Na 10 gceantair bharda leis na ceatadáin is airde de Ghaeilgeoirí laethúla acu ná:

  1. Andersontown 12.41%
  2. Falls Park 12.25%
  3. Shaw's Road 12.18%
  4. Termon (Tír Eoghain) 11.84%
  5. Turf Lodge 11.79%
  6. Colin Glen 11.28%
  7. Washing Bay 10.91%
  8. Stewartstown (Béal Feirste) 10.68%
  9. Ballymurphy 10.67%
  10. Swatragh 10.24%


Cé nach bhfuil aon eolas beacht ann i dtaobh líon na múinteoirí a bhí cáilithe an Ghaeilge a mhúineadh idTuaisceart Éireann i rith luathbhlianta na 1920idí ná líon na scoileanna a bhí i gceist is féidir meastachán maith a dhéanamh bunaithe ar staitisticí oideachais. Ar an gcuid ba mhó bhí suas le 380 múinteoir a raibh buncháilíochtaí sa Ghaeilge acu ag múineadh an ábhair in 177 mbunscoil poiblí (mar a bhí á thabhairt ar na scoileanna náisiúnta faoin tráth seo). B'ionann sin agus isteach nó amach le 34% de na múinteoirí i mbunscoileanna poiblí sin a bhí faoi bhainistíocht Chaitliceach nó 8% de mhóriomlán na mbunmhúinteoirí idTuaisceart Éireann.

Tá tagairt i gcomhaid de chuid na hAireachta do 271 múinteoir Gaeilge in 191 scoil i rith na tréimhse sin anuas go dtí 1927. Ní áirítear ina measc, áfach, an líon sin de na múinteoirí nach mbíodh deis acu an t-ábhar a mhúineadh ar chor ar bith. Tugann staitisticí scrúduithe scoileanna le fios go raibh ar a laghad múinteoir amháin Gaeilge ag gach uile cheann de na 245 scoil a bhí faoi bhainistíocht Chaitliceach is é sin isteach is amach le 31% den mhóriomlán i dTuaisceart Éireann. Tá an Nua-Ghaeilge ar fáil mar chuid den chúrsa céime sa Léann Ceilteach ag Ollscoil na Banríona agus mar ábhar roghnach i gColáiste Mhuire.

Miontorthaí Dhaonáireamh 2021 de réir Contae, Ceantair Áitiúil agus Toghcheantair

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Daonáireamh na Ríochta Aontaithe 2021 Daonra Iomlán Cumas Éigin ar an Ghaeilge Labhairt, Léamh, Scríobh agus Tuiscint ar an Ghaeilge Labhartha Cainteoirí Laethúla Gaeilge Príomhtheanga an Tí: Gaeilge
Iomlán Céatadán Iomlán Céatadán Iomlán Céatadán Iomlán Céatadán
Tuaisceart Éireann 1,905,175 228,620 12.00% 71,871 3.77% 43,557 2.29% 5,970 0.31%
De réir Contae
Aontroim 651,321 71,689 11.01% 23,732 3.64% 16,585 2.55% 3,011 0.46%
Ard Mhacha 194,393 31,664 16.29% 9,803 5.04% 5,743 2.95% 564 0.29%
Doire 252,231 36,424 14.44% 11,653 4.62% 6,833 2.71% 827 0.33%
An Dún 553,262 44,506 8.04% 12,978 2.35% 6,358 1.15% 723 0.13%
Fear Manach 65,585 9,591 14.62% 2,703 4.12% 1,216 1.85% 138 0.21%
Tír Eoghain 188,383 34,746 18.44% 11,002 5.84% 6,822 3.62% 707 0.38%
De réir Ceantair Rialtais Áitiúil (ó 2014 i leith)
Aird Uladh & an Dún Thuaidh 163,660 5,116 3.13% 1,231 0.75% 519 0.32% 36 0.02%
Aontroim & Baile na Mainistreach 145,661 11,077 7.60% 3,433 2.36% 2,058 1.41% 245 0.17%
Aontroim Láir & Thoir 138,994 6,276 4.52% 1,616 1.16% 788 0.57% 46 0.03%
Ard Mhacha, Droichead na Banna & Creag Abhann 218,656 25,644 11.73% 7,882 3.60% 4,595 2.10% 429 0.20%
Béal Feirste 345,417 51,583 14.93% 17,986 5.21% 13,110 3.80% 2,659 0.77%
Cósta Chlochán an Aifir & Gleannta 141,743 13,698 9.66% 4,187 2.95% 2,284 1.61% 231 0.16%
Doire & An Srath Bán 150,756 23,172 15.37% 7,474 4.96% 4,133 2.74% 510 0.34%
Fear Manach & an Ómaigh 116,812 20,066 17.18% 5,837 5.00% 3,166 2.71% 347 0.30%
An tIúr, Múrn & an Dún 182,074 32,639 17.93% 9,620 5.28% 5,033 2.76% 553 0.30%
Lár Uladh 150,291 29,397 19.56% 9,544 6.35% 6,179 4.11% 682 0.45%
Lios na gCearrbhach & an Caisleán Riabhach 149,106 9,949 6.67% 3,062 2.05% 1,692 1.13% 231 0.15%
De réir Ceantair Rialtais Áitiúil (1993-2013)
Aird Uladh 81,911 2,314 2.83% 524 0.64% 222 0.27% 16 0.02%
Aontroim 57,178 5,606 9.80% 1,756 3.07% 995 1.74% 103 0.18%
Ard Mhacha 64,960 10,158 15.64% 3,207 4.94% 1,939 2.98% 210 0.32%
An Baile Meánach 67,392 4,040 5.99% 1,058 1.57% 551 0.82% 35 0.05%
An Baile Monaidh 31,631 2,449 7.74% 673 2.13% 288 0.91% 37 0.12%
Baile na Mainistreach 88,485 5,473 6.19% 1,677 1.90% 1,062 1.20% 145 0.16%
Béal Feirste 293,297 43,798 14.93% 15,294 5.21% 10,963 3.74% 2,192 0.75%
An Caisleán Riabhach 70,092 4,950 7.06% 1,527 2.18% 695 0.99% 67 0.10%
Carraig Fhearghais 39,653 814 2.05% 200 0.50% 72 0.18% 4 0.01%
An Chorr Chríochach 39,611 6,786 17.13% 1,957 4.94% 1,224 3.09% 130 0.33%
Creag Abhann 104,278 13,452 12.90% 3,648 3.50% 2,168 2.08% 173 0.17%
Cúil Raithin 58,878 4,217 7.16% 1,258 2.14% 588 1.00% 50 0.08%
Doire 110,439 17,323 15.69% 5,653 5.12% 3,131 2.84% 412 0.37%
Droichead na Banna 51,447 4,095 7.96% 1,173 2.28% 596 1.16% 69 0.13%
An Dún 73,134 9,147 12.51% 2,676 3.66% 1,551 2.12% 171 0.23%
Dún Geanainn 64,441 13,056 20.26% 4,469 6.94% 2,869 4.45% 296 0.46%
An Dún Thuaidh 82,076 2,808 3.42% 708 0.86% 301 0.37% 20 0.02%
Fear Manach 64,140 9,657 15.06% 2,719 4.24% 1,224 1.91% 139 0.22%
An tIúr & Múrna 105,839 22,901 21.64% 6,744 6.37% 3,350 3.17% 359 0.34%
Latharna 31,949 1,422 4.45% 358 1.12% 165 0.52% 9 0.03%
Léim an Mhadaidh 34,050 4,219 12.39% 1,317 3.87% 832 2.44% 85 0.25%
Lios na gCearrbhach 130,811 12,773 9.76% 4,225 3.23% 3,139 2.40% 631 0.48%
Machaire Fíolta 47,301 9,712 20.53% 3,172 6.71% 2,110 4.46% 256 0.54%
Maoile 17,188 2,819 16.40% 939 5.46% 579 3.37% 60 0.35%
An Ómaigh 52,647 10,411 19.78% 3,118 5.92% 1,942 3.69% 208 0.40%
An Srath Bán 40,318 5,849 14.51% 1,821 4.52% 1,002 2.49% 98 0.24%
De réir Toghcheantair (2008-2023)
Aontroim Theas 106,390 8,827 8.30% 2,868 2.70% 1,799 1.69% 237 0.22%
Aontroim Thoir 89,492 3,935 4.40% 1,029 1.15% 440 0.49% 40 0.04%
Aontroim Thuaidh 112,262 8,286 7.38% 2,387 2.13% 1,276 1.14% 111 0.10%
An Bhanna Uachtarach 129,520 13,985 10.80% 4,274 3.30% 2,460 1.90% 195 0.15%
Béal Feirste Theas 114,002 17,492 15.34% 6,046 5.30% 2,818 2.47% 387 0.34%
Béal Feirste Thiar 93,627 22,143 23.65% 8,084 8.63% 7,461 7.97% 1,755 1.87%
Béal Feirste Thoir 96,322 4,089 4.25% 1,172 1.22% 675 0.70% 125 0.13%
Béal Feirste Thuaidh 109,508 14,108 12.88% 5,414 4.94% 3,220 2.94% 507 0.46%
Doire Thoir 99,714 9,416 9.44% 2,867 2.88% 1,554 1.56% 156 0.16%
An Dún Theas 114,285 18,867 16.51% 5,438 4.76% 2,803 2.45% 316 0.28%
An Dún Thuaidh 93,172 3,012 3.23% 746 0.80% 318 0.34% 21 0.02%
An Feabhal 103,652 16,342 15.77% 5,361 5.17% 2,998 2.89% 390 0.38%
Fear Manach & Tír Eoghain Theas 109,208 17,081 15.64% 5,147 4.71% 2,688 2.46% 275 0.25%
Gleann an Lagáin 112,708 5,644 5.01% 1,602 1.42% 882 0.78% 127 0.11%
An tIúr & Ard Mhacha 123,054 23,641 19.21% 7,276 5.91% 4,128 3.35% 451 0.37%
Lár Uladh 106,285 22,130 20.82% 7,170 6.75% 4,739 4.46% 547 0.51%
Loch Cuan 93,668 3,365 3.59% 847 0.90% 355 0.38% 27 0.03%
Tír Eoghain Thiar 92,990 16,259 17.48% 4,939 5.31% 2,944 3.17% 306 0.33%
De réir Toghcheantair (ó 2024 i leith)
Aontroim Theas 106,441 8,513 8.00% 2,744 2.58% 1,685 1.58% 213 0.20%
Aontroim Thoir 96,954 4,291 4.43% 1,156 1.19% 486 0.50% 40 0.04%
Aontroim Thuaidh 103,831 7,919 7.63% 2,255 2.17% 1,230 1.18% 111 0.11%
An Bhanna Uachtarach 122,038 13,153 10.78% 3,962 3.25% 2,320 1.90% 184 0.15%
Béal Feirste Theas & an Dún Láir 119,550 17,258 14.44% 5,959 4.98% 2,772 2.32% 390 0.33%
Béal Feirste Thiar 103,180 22,741 22.04% 8,273 8.02% 7,606 7.37% 1,790 1.73%
Béal Feirste Thoir 102,279 5,048 4.94% 1,494 1.46% 818 0.80% 140 0.14%
Béal Feirste Thuaidh 106,490 14,417 13.54% 4,725 4.44% 3,322 3.12% 529 0.50%
Doire Thoir 103,287 9,752 9.44% 2,967 2.87% 1,584 1.53% 159 0.15%
An Dún Theas 105,240 17,632 16.75% 5,170 4.91% 2,640 2.51% 296 0.28%
An Dún Thuaidh 97,900 3,137 3.20% 777 0.79% 330 0.34% 21 0.02%
An Feabhal 97,305 15,700 16.13% 5,176 5.32% 2,938 3.02% 387 0.40%
Fear Manach & Tír Eoghain Theas 111,790 16,798 15.03% 5,597 5.01% 3,002 2.69% 317 0.28%
Gleann an Lagáin 112,010 5,827 5.20% 1,679 1.50% 871 0.78% 96 0.09%
An tIúr & Ard Mhacha 111,747 21,597 19.33% 6,619 5.92% 3,766 3.37% 411 0.37%
Lár Uladh 105,229 21,278 20.22% 6,935 6.59% 4,577 4.35% 512 0.49%
Loch Cuan 98,154 4,443 4.53% 1,099 1.12% 512 0.52% 41 0.04%
Tír Eoghain Thiar 99,752 17,501 17.54% 5,284 5.30% 3,100 3.11% 339 0.34%