Altram

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAltram
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1990

Suíomh gréasáinaltram.org Cuir in eagar ar Wikidata
Naíscoil an Lonnaín, 61 Iochtar na bhFáil, Béal Feirste

Eagras cúram leanaí i dTuaisceart na hÉireann is ea Altram, atá mar sprioc aige curam luathbhlianta ar ardchaighdeáIn trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn. Tugann tacaíocht do sholáthraí luathbhlianta lán-Ghaeilge.[1]

Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá leabharlann bhréagán agus leabhar ag Altram ar fud an réigiúin. Tá ceithre leabhar agus dlúth cheirnín d'amhráin foilsithe ag Altram.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Altram sa bhliain 1990. Bhunaigh grúpa tionscnaimh pobalbhunaithe Gaeilge (naíonraí i nDoire, Béal Feirste, Ard Mhacha agus Iúr Chinn Trá) an t-eagras.

Is tríd phórdheontas ón Crannchur Náisiúnta a maoiníodh na háiseanna leabharlainne i dtús ama. Leis an deontas seo, bhí Altram in ann réimse áiseanna luathbhlianta a cheannacht. Is ón HSCB a thagann an maoiniú anois.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Altramː Tá suíomh gréasáin Altram mar áis ag foirne naíscoileanna, coistí, tuismitheoirí agus páistí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Altram |". www.altram.org. Dáta rochtana: 2022-06-13.