Aksel Sandemose
| Aksel Sandemose | |
| Aksel Sandemose sa bhliain 1934 | |
| Dáta breithe | 19 Márta, 1899 |
| Nykøbing Mors, an Danmhairg | |
| Dáta báis | 6 Lúnasa, 1965 |
| Cóbanhávan, an Danmhairg | |
| Seánra | Úrscéalta, gearrscéalta, aistí |
Scríbhneoir Ioruach de phór na Danmhairge a bhí in Aksel Sandemose (fíorainm: Axel Nielsen) a saolaíodh i Nykøbing-Mors sa Danmhairg ar an 19 Márta 1899 agus a shíothlaigh i gCóbanhávan ar an 6 Lúnasa 1965. Is é an leabhar is clúití dár tháinig óna pheann ná an t-úrscéal En flyktning krysser sitt spor ("Teifeach ag trasnú a riain féin"), inar leag sé síos "Dlí Jante", dlí na cúngaigeantachta i gcathair bheag. Jante an t-ainm a bhaist sé ar a cathair dhúchais san úrscéal.
B'as Sandermosen san Iorua do mháthair an scríbhneora, agus leagan den logainm sin é an sloinne a ghlac sé air. D'athraigh sé sloinne sa bhliain 1921. Chaith sé an chuid ba mhó de na fichidí ina mhairnéalach, agus sa bhliain 1930 shocraigh sé síos i Nesodden in aice le hOslo. Nuair a d'fhorghabh na Gearmánaigh an Iorua, ghlac sé páirt sa chath in éadan na nGearmánach agus chuaigh sé ar a theitheadh go dtí an tSualainn. I ndiaidh an chogaidh d'fhill sé chun na hIorua agus chuaigh sé ina chónaí go Kjørkelvik i Risør. Chaith sé deich mbliana ansin, ach d'fhág sé an áit nuair a fuair a bhean chéile agus mac leis bás.
D'éag Sandemose féin sa bhliain 1965 i gCóbanhávan. Cé gur sa Danmhairg a tháinig sé chun saoil agus a fuair sé bás, glactar leis gur scríbhneoir Ioruach a bhí ann go bunúsach. Scríobh sé an chuid ba mhó dá shaothar sa leagan den Ioruais ar a dtugtar Riksmål, is é sin, an leagan is cóngaraí don Danmhairgis. San am chéanna, bhí meas mór aige ar an litríocht Ioruach go léir, an chuid san áireamh a bhí scríofa i Nynorsk.
An Saothar [athraigh]
- 1923 Fortællinger fra Labrador ("Scéalta ó Labrador")
- 1924 Ungdomssynd ("Peaca Óige")
- 1924 Mænd fra Atlanten ("Fir ón bhFarraige Mhór")
- 1924 Storme ved jævndøgn
- 1927 Klabavtermanden ("An Taibhse Loinge")
- 1928 Ross Dane
- 1931 En sjømann går i land ("Mairnéalach ag Dul i dTír")
- 1932 Klabautermannen (leagan Ioruaise de "Klabavtermanden")
- 1933 En flyktning krysser sit spor (an chéadfhoilsiú faoin ainm cleite Espen Arnakke)
- 1936 Vi pynter os med horn ("Cuirimid adharca orainn")
- 1939 September ("Mí Mheán Fómhair")
- 1945 Tjærehandleren ("An Trádálaí Tarra")
- 1946 Det svundne er en drøm ("Nil san Aimsir Chaite ach Brionglóid")
- 1949 Alice Atkinson og hennes elskere ("Alice Atkinson agus a Leannán")
- 1950 En palmegrønn øy ("Oileán Glas na gCrann Pailme")
- 1958 Varulven ("I gConriocht")
- 1960 Murene rundt Jeriko ("Na Ballaí timpeall ar Ireacó")
- 1961 Felicias bryllup ("Bainis Felicia")
- 1963 Mytteriet på barken Zuidersee ("An Cheannairc ar an mBárc úd Zuidersee")