Aitripín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 20:59, 16 Deireadh Fómhair 2015 le Chaco (plé | dréachtaí)
Aitripín

Druga nimhiúil a eastósctar ó lus na hoíche, a úsáideadh mar nimh ó aimsir impireacht na Róimhe. Feidhmíonn sé trí bhac a chur ar tharchur ó néarón go néarón ag an néaratharchuradóir aicéitiolcoilín. In úsáid le fada mar réamhchóireáil roimh ainéistéiseach ginearálta, cóireáil ar othras peipteach, in ullmhúchán chun bac a chur ar ghalar taistil, agus chun an mac imrisc a leathadh i scrúdú na súile. De réir a chéile, tá drugaí níos sábháilte á saothrú chun cur ina ionad.