Aisling (litríocht na Gaeilge)
Is éard is aisling ann, mar a thuigtear an téarma i stair litríocht na Gaeilge, ná seánra filíochta ina dtagann bean arb í pearsanú na hÉireann í chuig an bhfile agus é ina chodladh. Mar sin, fís brionglóide atá i gceist go bunúsach. Tugtar spéirbhean ar an mbean, go háirithe más bean óg álainn í, ach is féidir nach bhfuil inti ach seanbhean bhocht. Go tipiciúil, bíonn an bhean seo ag déanamh a gearáin faoi chruachás na hÉireann, agus dóchas aici as an bprionsa Stíobhartach a thiocfaidh ag saoradh na tíre ó bhráca.
Bhí aislingí polaitiúla den chineál seo an-choitianta san tseachtú agus san ochtú haois déag, ach roimhe sin, bhí dánta neamhpholaitiúla ag baint úsáide as an bhfoirmle chéanna. Ní raibh i gceist leis an spéirbhean iontu ach siombail an Earraigh, an dúlra nó na filíochta. Bhí an aisling neamhpholaitiúil bunaithe ar sheánra Francach an reverdie, a chuaigh siar go laethanta na dtrúbadóirí i ndeisceart na Fraince sa Mheánaois. I ré an Mheán-Bhéarla, bhí na filí Béarla féin ag scríobh filíocht i stíl an reverdie.
Ba é Aogán Ó Rathaille a chuir tús leis an aisling pholaitiúil, agus tugtar, fiú, "athair na haislinge" air. Rinne seisean gléas láidir bolscaireachta den aisling, ach ina dhiaidh-sean, tháinig meath ar an seánra in imeacht na mblianta, agus i ndeireadh na hochtú haois déag, ní raibh san aisling ach foirmle smolchaite a rabhthas ag spochadh fúithi. San am sin a chum Brian Merriman a dhán fada Cúirt an Mheán Oíche, ar scigaithris é ar an aisling go bunúsach.
Aislingí clúiteacha iad Gile na Gile le hAogán Ó Rathaille, Róisín Dubh le file anaithnid, agus Úirchill an Chreagáin le hArt Mac Cumhthaigh.
Tá clú agus cáil ar Bhreandán Ó Buachalla as an taighde cuimsitheach a rinne sé ar an seánra seo. Sa bhliain 1996, d'fhoilsigh sé leabhar téagartha faoin seánra, Aisling Ghéar.