Ailtéarnú na nglún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ailtéarnú na nglún

Dul chun cinn timthriall beatha planda trí dhá fhoirm atáirgthe. Sa ghlúin ghnéasach (an ghaiméitifít), táirgtear gaiméití haplóideacha. Comhcheanglaíonn siad seo chun spóraifítí dhioplóideacha a dhéanamh. Sa ghlúin neamhghnéasach, táirgeann siad seo spóir haplóideacha, agus uathu sin fasann gaiméitifítí nua. In algaí is í an ghaiméitifít an phríomhghlúin a shealbhaíonn mórchuid den timthriall bheatha, bíodh is go bhfuil an dá ghlúin do-aitheanta óna chéile ó thaobh struchtúir. I mbrifítí bíonn an ghaiméitifít ceannasach freisin, ach bíonn struchtúir na ngaimifítí is na spóraifítí éagsúil amach is amach óna chéile. I raithneach, gimnispeirmeacha is plandaí bláfara, bíonn an spóraifít ceannasach, agus i bplandaí bláfara léiríonn an pailinfheadán is sac an tsutha an ghaiméitifít. Tarlaíonn ailtéarnú na nglún in ainmhithe ar leith. Mar shampla, i gcéalantrátaigh ailtéarnaíonn an staid ghnéasach meadúsa le staid neamhghnéasach cosúil le polaip.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailtéarnú na nglún". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 20.