An Ailiúitis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ailiúitis)
Infotaula de llenguaAn Ailiúitis
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais200 (2010)
Dúchasach doAlasca
StáitStáit Aontaithe Mheiriceá agus an Rúis
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Eiscimea-Ailiútacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Cóid
ISO 639-2ale
ISO 639-3ale
Glottologaleu1260
Linguasphere60-AA
Ethnologueale
UNESCO163
IETFale
Endangered languages671

Baineann an Ailiúitis (sa teanga féin: Unangam Tunuu) le fine na dteangacha Eiscimea-Ailiútacha. Is iad na hAiliútaigh a labhraíonn í. Tá cónaí orthu ar Oileáin Ailinie, ar Oileáin Pribilof, agus ar Oileáin Commander. Sa bhliain 2007, bhí an teanga ó dhúchas ag 150 duine.

Aithnítear trí phríomhchanúint, mar atá, canúint an Oirthir, canúint Atka, agus canúint Attu. Tá canúint Attu in éag cheana féin, ach is í an chanúint Oirthearach an ceann is líonmhaire cainteoirí dúchais. Labhraítear an chanúint sin in Oileáin Pribilof agus in oileáin Unalaska, Nikolski, Belkofski, Akutan, agus Kashega. An chanúint eile, arís, chluinfeá in Oileán Atka agus in Oileán Bering í.

Nuair a bhí an Rúis i seilbh Alasca, d'fhág an Rúisis an-lorg ar na canúintí ar fad ó thaobh an fhoclóra de. In Oileán Bering, labhraítear leagan fásteangaithe de chanúint Attu, ó aslonnaíodh muintir Oileán Mednyi go dtí an t-oileán sin sa bhliain 1969. Tá fásteanga Oileán Mednyi tar éis cuid mhaith míreanna gramadaí a ghlacadh isteach ón Rúisis.

Cé go bhfuil gaol ag an teanga Ailiúitis leis na teangacha Eiscimeacha, níl sí intuigthe ag lucht a labhartha. Mar sin féin, tá sí cosúil leo ó thaobh na tíopeolaíochta de, is é sin, is teanga iltáite nó teanga pholaisintéiseach í ina gcuirtear na míreanna gramadaí ina slabhra i ndiaidh a chéile, ionas gurb ionann aon fhocal amháin sa teanga Ailiúitis nó sna teangacha Eiscimeacha agus abairt fhada i dteanga cosúil leis an nGaeilge.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]