Teangacha Eiscimea-Ailiútacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na teangacha Eiscimea-Ailiútacha a labhraítear i Meiriceá Thuaidh

Is fine teangacha iad na teangacha Eiscimea-Ailiútacha, agus cónaí ar a gcainteoirí dúchais sa Ghraonlainn, i dtuaisceart Cheanada, i dtuaisceart Alasca, agus in áiteanna i dtuaisceart na Sibéire. Tá dhá phríomhchraobh i gcrann ginealais na dteangacha Eiscimea-Ailiútacha, mar atá, na teangacha Eiscimeacha agus na teangacha Ailiútacha. Níl ach aon teanga amháin, an teanga Ailiúitise, sa chraobh Ailiútach, ach aithnítear dhá fhochraobh sa chraobh Eiscimeach, mar atá, na teangacha Inupik agus na teangacha Yup'ik.

Is í an Ghraonlainnis an t-aon teanga amháin san fhine seo nach bhfuil ag saothrú an bháis, nó tá stádas láidir aici sa Ghraonlainn, agus polasaí dian ag lucht rialtais an oileáin leis an teanga dhúchasach a choinneáil i mbéal an phobail. An chuid is mó de na teangacha seo is canúintí beaga iad nach bhfuil mórán seansanna acu faoi bhrú na mórtheangacha - an Béarla agus an Rúisis, go bunúsach.

Eiscimea-Ailiúitis[athraigh | edit source]

Ailiúitis
Ailiúitis
Canúintí Thiar Láir: Atkan, Attuan, Unangan, Bering (60-80 duine á labhairt)
Canúint Thoir: Unalaskan, Pribilof (400 duine á labhairt)
Eiscimis (Yup'ik, Yuit, agus Inuit)
Yup'ik Alasca Láir (10,000 duine á labhairt)
Alutiiq nó Yup'ik Mhurascaill an Aigéin Chiúin (400 duine á labhairt)
Yuit nó Yup'ik na Sibéire Láir (Oileán Chaplinon agus St Lawrence, 1400 duine á labhairt)
Naukan (70 duine á labhairt)
Sirenik (1 duine á labhairt)
Ionúis nó Inupik (75,000 duine á labhairt)
Iñupiaq (Alasca Thuaidh, 3500 duine á labhairt)
Inuvialuktun nó Inuktun (Ceanada Thiar; 765 duine á labhairt)
Ionúitis (Ceanada Thoir; chomh maith le Inuktun, 24,000 duine á labhairt)
Kalaallisut (An Ghraonlainn, 47,000 duine á labhairt)