Aigéad úrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

C5H4N4O3, aigéad orgánach lag bán criostalta, gan bholadh gan bhlas. Díorthaítear ó phúirín é. Cruthaítear é trí mheitibileacht na bpróitéiní i ndaonnaí agus cuid mhaith veirteabrach eile. Bíonn oiread an-bheag de sa bhfuil is an fual daonna. Cosúil le húiré, úsáideann ainmhithe é chun nítrigin a eisfhearadh. Is cúis gúta is scoilteacha é fosú criostal den aigéad seo is dá shalainn in ailt is fíocháin eile. Faightear i bhfoirm íon é ó lobhadh guanó.