Abney Park

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Abney Park
2013 WGT 65 Abney Park.jpg
Tír Seattle, Meiriceá
Gníomhach 1997-
Seánra(í) ceoil Galphunc
Baill Robert Brown
Finn Von Claret
Kristina Erickson
Nathanial Johnstone
Daniel C.
Iar-bhaill Traci Nemeth
Krysztov Nemeth
Robert Hazelton
Jean-Paul Mayden
Magdalene Veen
Suíomh gréasáin www.abneypark.com

Banna is ea Abney Park galphuinc (Béarla:Steampunk) as Seattle, Meiriceá. Seinneann siad ceol damhsa leictreonach agus ceol tradisiúnta as roinnt tíreacha, fite fuaite le chéile. Fuair siad a n-ainm as an reilig Abney Park Cemetery i Londain, Sasana.

Níor thosaigh Abney Park mar bhanna galphuinc; i dtús bhí stíl gotach acu.[1] Thosaigh siad leis an stíl galphuinc sa bhliain 2006 lena n-albam The Death of a Tragedy. As sin amach, d'éirigh siad níos galphuncaí go dtí go scaoileadar a n-albam Lost Horizons',' atá scríofa mar píoróidí spéir ar an long eitilt H.M.S. Ophelia.

Stair[athraigh | edit source]

Bhunaigh Robert Brown an banna Abney Park sa bhliain 1997. Scaoil siad a gcéad albam Abney Park an bhliain dár gcionn agus scaoileadar Return to the Fire sa bhliain 1999. Bhí rianta as a gcéad agus dara halbaim ar a dtríú halbam, Cemetary Number 1, chomh maith le rianta nua. Ar 1ú Meitheamh 2005, d'fhógair Robert ar a LiveJournal go raibh baill nua ag an mbanna, Krysztof Nemeth agus Traci Nemeth, as an mbanna Sinforosa.[2]

Bhí sean-rianta, trí rian beo agus dhá rian, a bhí scaoilte ag bannaí eile cheana, ar a gceathrú halbam Taxidermy. Tar éis The Death of Tragedy, d'athraigh foireann an bhanna. D'fhág Robert Hazelton[3], Traci Nemeth agus Krysztof Nemeth[4], agus ghlac Jean-Paul Mayden, Magdalene Veen[5] (Eliza is ainm dí, ach úsáideann sí ainm stáitse)[6] agus Nathaniel Johnstone a háiteanna.[7] Faoi dheireadh, d'fhág Jean-Paul Mayden[8] agus ghlac Daniel C. a áit.

2008[athraigh | edit source]

San Earrach 2008, d'fhág Magdalene Veen. Bhí sin fógartha ar MySpace an bhanna ar 13ú Feabhra.[9] Ghlac Finn Von Claret a háit.

Thosaig Captaen Robert ag taifeadadh dialann fuaime atá le cloisteáil ar suíomh an bhanna. Tá an chéad iontráil, dar teideal How It All Began - part 1, postáilte ar an 27ú Márta ag insint an scéal agus na hathruithe maidir le stíl an bhanna.[10]Cliceáil ar Crew agus ansin Captain Robert


Albaim[athraigh | edit source]

  • 1998: Abney Park
  • 1999: Return to the Fire
  • 2000: Cemetary Number 1
  • 2001: For Dreams Or Angels
  • 2005: Twisted & Broken
  • 2005: Taxidermy
  • 2005: The Death of Tragedy
  • 2008: Lost Horizons
  • 2008: Dark Christmas Scríofa níos luaithe, ach scaoilta mar albam sa bhliain 2008[11]

Singil[athraigh | edit source]

  • 2005: Stigmata Martyr and The Wrong Side[12]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Blag an Captaen
MySpace Abney Park