Aalen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aalen
Sean Áras na Cathrach lonnaithe in aice log an aonaigh
Armas Suíomh
Coa Aalen.svg Karte aalen in deutschland.png
Rialtas
Rialtas Flag of Germany.svg An Ghearmáin
Stát Baden-Württemberg
Meara Martin Gerlach
Déimeagrafaic
Achar 146.624 km²
Daonra 66,252 (2007)
Dlús daonra 452/km²
Cód poist 73430–73434
www.aalen.de

Is cathair í Aalen atá lonnaithe i Land Baden-Württemberg, i ndeisceart na Gearmáine. Tá sé suite ar an abhainn Kocher, ar an taobh thuaidh de na hAlpanna Schwäbische, 48km ó thuaidh ó Ulm. Bunaíodh an baile mórthimpeall dhún mhóir de chuid na Rómhánach. Tá a lán den dún fós ann. Tá iarsmaí de limes (fálta imeallchríocha) Rómhánacha ann gar don bhaile. D'éirigh leis an gcathair saoirse a bhaint amach sa bhliain 1360 mar chathair shaor san Impireacht Naofa Rómhánach. Scriosadh an chathair go dona sa bhliain 1634 de bharr bráchthine. Fuair Württemberg seilbh uirthi sa bhliain 1802. Tógadh sean-áras na cathrach sa bhliain 1636 agus tógadh cill Sankt Nikolaus sa bhliain 1765. Osclaíodh iarsmalann don ré Rómhánach sa bhliain 1964. I 1975 nascadh cathair in aice Aalen, Wasseralfingen, le Aalen agus méadaíodh an chathair beagnach aon trian níos mó. Tá tionscail sa chathair amhail tionscal miotail, teicstíle agus cheimicigh. Tá breis is 63,000 daoine ina gcónaí ann.