.cat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is fearann cineálach é an FBL .cat a bhaineann le Catalóinis agus saíocht na Catalóine [1]. D'fhorbair ICANN agus an Fundació puntCAT na beartais a bhaineann leis. Tugadh cead dó i mí Meán Fómhair 2005.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sula raibh .cat ar fáil, bhí leisce ar dhreamanna agus ar dhaoine áirithe leas a bhaint as fearainn .es, .fr, .it (ag brath ar an tír ina raibh siad) ar a gcuid láithreán gréasáin agus roghnaíodar fearainn eile. Baineann láithreán gréasáin chathair Girona sa Chatalóin feidhm as fearann .gi ("http://www.ajuntament.gi/" a chiallaíonn ajuntament, "comhairle na cathrach"), cé go mbaineann .gi le Gibraltar.

Mar réiteach ar an fhadhb seo, ceadaíodh .cat i 2005 do gach láithreán gréasáin a bhfuil baint aige leis an Chatalóinis agus le saíocht na Catalóine. [2]

Srianta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl an fearann .cat teoranta do thír amháin. Baineann sé leis an bpobal ar fud an domhain a labhraíonn Catalóinis beag beann cén áit ar domhain ina bhfuil an láithreán gréasáin lonnaithe. Ionas go mbronnfar fearann .cat ar dhuine nó eagras, ní mór don duine nó don eagras sin bheith ina bhall de phobal na Catalóinise ar an ghréasán domhanda. Síltear gur ball den phobal seo duine, eagras nó cuideachta iad má tá:[2]

  • ábhair foilsithe ar an ghréasán domhanda acu i gCatalóinis cheana féin.
  • rochtain acu ar thagairt shainiúil (ar a ghlaoitear ENS uaireanta), a thugtar dóibh i rith tionscnaimh faoi leith nó trí chomhaontuithe le forais áirithe.
  • siad ag forbairt imeachtaí (i dteanga ar bith) chun an Chatalóinis agus saíocht na Catalóine a chur chun cinn.
  • tacaíocht faighte acu ó triúr eile nó foras amháin atá ag baint feidhm as an fearann .cat cheana.

De réir na rialacha a bhaineann le feidhm a bhaint as an fearann .cat, níl cead ag aon duine feidhm a bhaint as más é cait ábhar an láithreán gréasáin acu. Ní mór baint a bheith ag an láithreán leis an Chatalóinis.

Tionchar in áiteanna eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Aibreán 2008, chuir Daniel Turp, ionadaí ón Parti Québécois, tús leis an fheachtas Opération .qc Curtha i gcartlann 2008-05-29 ar an Wayback Machine, tionscadal agus achainí chun fearann .qc a chruthú. Luaigh sé go raibh an feachtas chun an fearann .cat a ghnóthú mar fasach dó.

Tá feachtas faoi lán sheoil an fearann .gal a ghnóthú don Ghailísis. Tá cumann darbh ainm Puntogal i dtús cadhnaíochta chun .gal a fháil ar an dóigh chéanna is a bhfuair lucht na Catalóinise an fearann .cat

Tráchtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "CAT". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-10-29. Dáta rochtana: 2008-06-09. Curtha i gcartlann 2013-10-29 ar an Wayback Machine
  2. 2.0 2.1 "CAT". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-28. Dáta rochtana: 2008-06-09.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]