Éadbhard Ó Raghallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÉadbhard Ó Raghallaigh
Beathaisnéis
Breith6 Nollaig 1765
Bás26 Lúnasa 1830
64 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfoclóirí, údar Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

Scoláire Éireannach sa chéad leath den 19ú haois ab ea Éadbhard Ó Raghallaigh (6 Nollaig 1765 – 26 Lúnasa 1830).[1][2]

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ó Raghallaigh an 6 Nollaig 1765. Ba é Eoghan Ó Raghallaigh as Baile an Chorráin, Contae na Mí, a sheanathair. Bhog athair Éadbhaird go Cros Araild, Baile Átha Cliath, áit a raibh sé ag cleachtadh mar phoitigéir. Deirtear in The History of the City of Dublin, Iml. II, lch. 934, le John Warburton (1818 )-" gur cuireadh oideachas ar Éadbhard Ó Raghallaigh i mBaile Átha Cliath, áit nár chuala sé riamh Gaeilge á labhairt. Chuir sé é féin i mbun staidéir ar an teanga trí thimpiste. Sa bhliain 1794 bhí roinnt leabhar le diúscairt ag fear óg den ainm Wright, a bhí ar tí dul ar imirce óna thír dhúchais, agus ba í lámhscríbhinní na hÉireann a bhí i gceist go príomha. Bhí siad bailithe trí thionscnaíocht an fhir den ainm Morris O'Gorman, a bhí ina chléireach do Shéipéal Lána Mhuire, agus an duine ónar fhoghlaim an Dr. Young, Easpag Chluain Fearta, agus an Ginearál Valancey, Gaeilge. Cheannaigh an tUasal Ó Raghallaigh an leabharlann seo ó Wright, a líon cúig shac mhóra, agus tar éis dó scrúdú a dhéanamh, fuair sé amach go raibh bailiúchán de lámhscríbhinní is annaimhe aige. Ar cheann acu tá caoga giní diúltaithe aige ó shin. Máistir an stór luachmhar seo, chuir sé tús le staidéar na teanga, agus trí a bhuanseasmhacht, fuair sé eolas domhain ar an teanga ársa na tíre."

Thug Éadbhard Ó Raghallaigh faoin saothar is fearr a bhfuil cuimhne air a chur le chéile, a Fhoclóir Gaeilge - Béarla a foilsíodh sa bhliain 1817. Ceapadh é ina rúnaí cúnta ag an Iberno - Celtic Society nuair a bunaíodh é an bhliain dár gcionn d'fhonn litríocht na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn. I measc a chuid oibre le linn na 1820idí bhí Dictionary of Irish Writers agus catalóga de lámhscríbhinní Gaeilge i leabharlanna Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear Coláiste na Tríonóide. Bhí sé ar dhuine de na bailitheoirí ba thúisce de cheol na hÉireann agus is é an teideal atá ar a bhailiúchán ná The Farmer and O'Reilly Collection. I mBealtaine 1830, tugadh conradh dó chun comhairle a thabhairt maidir le hainmníocht Gaeilge le haghaidh luath-léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis, ach níor chaith sé ach ceithre mhí ar an obair seo sula bhfuair sé bás. Ní raibh sé ina fhostaí foirmiúil san tSuirbhé, is dócha gur íocadh é as a chuid seirbhísí gairmiúla. Tháinig Seán Ó Donnabháin ina áit i mí Dheireadh Fómhair 1830.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Éadbhard Ó Raghallaigh bás Dé hAoine an 26 Lúnasa 1830 ag Cros Araild, Baile Átha Cliath. Ba é a chol ceathrair n tAth. Eugene O'Reilly, sagart paróiste na hUaimhe, Contae na Mí seiceadóir a eastáit. Dhíol a sheiceadóir a leabharlann de lámhscríbhinní na hÉireann sa bhliain chéanna agus cheannaigh Acadamh Ríoga na hÉireann a lán imleabhar.

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'Éireannach Aontaithe é Andrew O'Reilly (1756 – 4 Lúnasa 1862), a bhí ina chomhfhreagraí i bPáras don Irish Times agus údar an leabhair Reminiscences of an emigrant Milesian . Ba é Patrick O'Reilly mac Éadbhaird, a fuair a chuid oideachais ar scoil na hUaimhe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó RAGHALLAIGH, Éadbhard (1765–1830) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. "University College Dublin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-09-20. Dáta rochtana: 2022-08-05.