Úna Ní Bhroin
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 5 Feabhra 1706 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Teaghlach | |
Céile | Seán Ó Neachtain |
File ba ea Úna Ní Bhroin (- 1706/7). Phós sí an file agus scoláire Seán Ó Neachtain (c. 1640 – 1729) agus rugadh triúr clainne dóibh. Bhí cónaí ar an teaghlach sna Saoirsí, i mBaile Átha Cliath, in aice le Sráid Thomáis. Bhí baint ag Úna, mar sin, le scata scríbhneoirí agus scoláirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath go luath san 18ú haois a raibh caidreamh acu ar Sheán. Is dócha go bhfuair sí féin oiliúint mhaith.
Níl ach dán amháin dá cuid ar marthain: ‘Ó thugas mo ghrá dhuit, mo lámh is mo mhealladh,’ dán a scríobh sí dá fear céile (c. 1670?):
- A stórach, bheinn beo, ‘sé mo dhóigh, go ceann bliana
- gan dadamh a ól ná lón ar bith d’iarraidh,
- mo bhéal ar do bhéalsa ‘s mo dhóid ar do chliabhsa,
- ag éisteacht do ghlóir ghlic do thóigfeadh mo phianta...
Tá dhá mharbhna fós ann a chum Seán ina diaidh: ‘A théagair, is é m’éagsa is mé do bhás’ agus ‘Thug mé searc mo chléibh’ is mo ghrádh’.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]The Field Day Anthology of Irish Writing, Vol. IV: Irish Women’s Writings and Traditions (eagarthóirí éagsúla). Cork University Press 2002, lch 422.