Corda (ceol)
Sa cheol, is éard atá i gceist le corda ná níos mó ná nóta amháin a fhuaimnítear ag an am céanna. I gceol tonach ó timpeall 1600- 1920 d'fheidhmigh corda mar aonad i sraith armónach i leith gléasláir ar leith, nó ag eisréimniú ón ngléaslár sin. Roimhe sin chinn treo na línte séiseacha ar leith na sraitheanna cordaí, bíodh is nár chinn na cordaí féin. I gceol iarchordach, cumtar cordaí ar phrionsabal srathach nó eile, gan tagairt do ghléaslár.[1]
Sainmhíniú agus cumadh na cordaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainmnítear cordaí de réir an méid nótaí atá iontu agus de réir an sóirt na hidirchéimeanna á chumadh as.
Tá an modh is furasta chun corda a ainmniú, nó chun a chumadh a theorannú, de réir an uimhir na nótaí atá ann. Is iad na cordaí is simplí (agus b’fhéidir na cordaí is coitianta) tríchordaí (a bhfuil trí nóta acu), teitreachordaí (a bhfuil ceathair acu), heicseachordaí (a bhfuil sé acu), srl.
Tá sé níos faisnéisí chun corda a ainmniú de réir an sóirt na hidirchéimeanna atá ann, mar is cuma faoin mhéad nótaí le hidirchéim chosúil eatarthu a charnadh ar an chéile; coinníonn an corda a fhuaim tréitheach fós. Ainmnítear na cordaí pléite is minice le nótaí a bhfuil tréigh óna chéile corda tréach. Ainmnítear corda cumtha le déigh eatarthu corda déach agus corda le ceathraigh eatarthu corda ceathrach.
Lipéadaítear cordaí le siombailí chorda.
An tríchorda
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad tríchordaí na cordaí is coitianta i gceol iartharach. Is iad an bunús na harmóine dhiatonach é. Is é sin, cumtar le trí nóta: an fréamh, tréach (atá aon tréach amháin thar an fhréamh), agus an cúigeach (atá aon cúigeach amháin thar an fhréamh, nó aon tréach amháin thar an tréach).
Mar shampla, coinníonn ochtach den scála C mór na nótaí sin: C D E F G A B C.
Choinneodh an tríchorda déanta leis an nóta C mar an fhréamh: C (an fhréamh den scála), E (an tréach den scála), agus G (an cúigeach den scála).
Fig 2. C, E agus G – An tríchorda C mór
Ag úsáid an scála céanna (go hintuigthe, an gléas C mór) féadann corda a dhéantar le D mar an fhréamh. Ba é sin: D (fréamh), F (tréach), A (cúigeach).
Mar sin, ainmnítear an tríchorda ar C tríchorda mór, nó mórchorda, agus an idirchéim ó C go dtí E mórtréach. Ainmnítear an tríchorda ar D mionchorda, a bhfuil idirchéim níos lú ón fhréamh go dtí an tréach aige. Ainmnítear an idirchéim sin miontréach, agus is é an corda D mion.
Is féidir le tríchorda a chumtar ar pé nóta den scála C mór.
Cineáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chomh maith le mórchordaí is mionchordaí, tá tríchordaí méadaithe agus laghdaithe ann. Déannann na téarmaí sin cur síos ar an cáilíocht de chorda.
Cumtar tríchordaí méadaithe le mórtréach ach le cúigeach méadaithe (nó mórtréach thar mórtréach). Tá miontréach agus cúigeach laghdaithe (nó miontréach thar miontréach) ag tríchordaí laghdaithe. Cuireann na rialacha sin i gcomhthéacs na cineáil tríchorda mínithe go dtí an phointe seo:
- Tríchorda mór: fréamh, mórtréach, cúigeach foirfe
- Tríchorda mion: fréamh, miontréach, cúigeach foirfe
- Tríchorda méadaithe: fréamh, mórtréach, cúigeach méadaithe
- Tríchorda laghdaithe: fréamh, miontréacht, cúigeach laghdaithe
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.