Zophobas morio

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoZophobas morio Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdColeoptera
FineTenebrionidae
GéineasZophobas
SpeiceasZophobas morio Cuir in eagar ar Wikidata
Fabricius, 1776

Is speiceas de chiaróg é Zophobas morio sa bhfine Tenebrionidae, a dtugtar sárphéist, ríphéist, péist morio nó go simplí zophobas ar a larbhaí go coitianta. Tá sárphéisteanna coitianta i dtionscal na bpeataí reiptílí mar bhia, chomh maith le hollmhinphéisteanna, ar larbhaí Tenebrio molitor iad a spraeáladh le hormón óg.

Tá na larbhaí cosúil le minphéisteanna an-mhóra, thart ar 50 go 60 mm ar fad agus iad lánmhéide, ach murab ionann agusminphéisteanna, tá foircinn a gcorp an-dorcha, beagnach cosúil le dath dubh. Nuair a shroicheann siad méid an aosaigh, pupaíonn na haosaigh mar chiaróga móra éadroma, a dhorchaíonn go dubh le himeacht ama. Ní phupóidh na larbhaí má choinnítear iad i gcoimeádán le go leor larbhaí eile agus go leor bia, áit a bhfaigheann siad teagmháil coirp leanúnach. Úsáidtear sárphéisteanna a coinníodh ar an mbealach seo go coitianta chun bac a chur ar pupú. Chun aibíocht na sárphéisteanna a bhaint amacha, ní mór iad a choinneáil ina n-aonar ar feadh thart ar 7-10 lá. Ansin, tar éis dóibh aibiú, éireoidh siad óna staid phupach mar ciaróga dorcha.[1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Rumbos (2021-04-09). "The Superworm, Zophobas morio (Coleoptera:Tenebrionidae): A ‘Sleeping Giant’ in Nutrient Sources". Journal of Insect Science 21 (2). doi:10.1093/jisesa/ieab014. Dáta rochtana: 2021-05-23.