Yankees Nua-Eabhrac
Ainmnithe in ómós | Yankee (en) agus Nua-Eabhrac | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Ainm gearr | NYY | ||||
Cineál | foireann daorchluiche | ||||
Dáta a bunaíodh | 1901 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | daorchluiche | ||||
Sraith spóirt | Major League Baseball (en) American League (en) | ||||
Ionad baile | Yankee Stadium (en) : An Bronx, New York (2009–). 49,642 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Bainisteoir ginearálta | Brian Cashman | ||||
Príomhchóitseálaí | Aaron Boone (2017–) | ||||
Úinéir | Hal Steinbrenner | ||||
Úinéir de | |||||
Iar-ainm | |||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | https://www.mlb.com/yankees https://www.mlb.com/es/yankees | ||||
Is foireann daorchluiche phroifisiúnta Mheiriceánach iad Yankees Nua-Eabhrac nó New York Yankees agus iad suite sa Bhronx i gCathair Nua-Eabhrac. Imríonn na Yankees mar chlub sa roinn thoir den American League (AL), cuid de Major League Baseball (MBL). Tá an dá chlub den MLB i gCathair Nua-Eabhrac: is iad na Mets an dara club. Tháinig na Yankees ar an saol faoin ainm Baltimore Orioles in Baltimore sa bhliain 1901. Cheannaigh Frank Farrell agus Bill Devery an club sa bhliain 1903 i ndiaidh teip ar an gclub sa chathair úd. D'aistrigh siad an fhoireann go Nua-Eabhrac ag tabhairt ainm nua, na New York Highlanders, uirthi. Tugadh na "Yankees" orthu go hoifigiúil sa bhliain 1913.
Faoi láthair, is é Yankee Global Enterprises úinéir na Yankees, comhlacht atá i seilbh teaghlach George Steinbrenner, nach maireann. Cheannaigh sé seo an fhoireann sa bhliain 1973. Is iad Hal agus Hank Steinbrunner atá i gceannas anois air. Is é Brian Cashman an bainisteoir ginearál ar an bhfoireann agus is é Aaron Boone a bainisteoir sa pháirc. Tá Yankees Nua-Eabhrac bunaithe i Staidiam Yankee sa Bhronx.
D'imir cuid de na himreoirí baseball ab fhearr riamh mar bhaill de na Yankees: Babe Ruth, Lou Gehrig, Joe DiMaggio, Yogi Berra, Derek Jeter, Roger Clemens agus Álex Rodríguez.