Winnipeg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilWinnipeg
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Unum Cum Virtute Multorum» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósLake Winnipeg (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 49°53′00″N 97°09′00″W / 49.88333°N 97.15°W / 49.88333; -97.15
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaManitoba
Region of Manitoba (en) AistrighWinnipeg Metropolitan Region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán749,607 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,669.8 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deManitoba Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla448.92 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceRed River of the North (en) Aistrigh, Abhainn Assiniboine, Abhainn Seine agus Abhainn La Salle Cuir in eagar ar Wikidata
Airde238 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Stonewall (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1738
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachWinnipeg City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Méara Winnipeg Cuir in eagar ar WikidataBrian Bowman (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistR2C Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód204 agus 431 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinwinnipeg.ca Cuir in eagar ar Wikidata
Youtube: UClbGHHM4vS_wK9tVdOld8pQ Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Winnipeg príomhchathair chúige Manitoba, i gCeanada, agus an seachtú ceantar cathrach is mó i gCeanada. Sa bhliain 2011, bhí 663,617[1] duine ina gcónaí sa chathair féin agus 730,018 ina gcónaí sa cheantar cathrach ar fad. Sin breis is leath de dhaonra an chúige. Is é Sam Katz an méara.

Tá Winnipeg suite beagnach i gceartlár cruinn Mheiriceá Thuaidh, san áit a dtagann na haibhneacha Red agus Assiniboine le chéile. Tá an talamh mín íseal agus úsáidtear canálacha leis na tuilte san Abhainn Red a laghdú.

Mar gheall ar na haibhneacha, suíomh thar a bheith oiriúnach d'iompair agus d'aistriú earraí a bhí ann agus mar sin chuir trádalaithe Francacha fúthu san áit sách fada siar, ag tosú sa bhliain 1738. Fort Rouge a tugadh ar a lonnaíocht úd. Thóg Béarlóirí Fort Garry san áit sa bhliain 1822. Rinneadh cathair de sa bhliain 1873 leis an ainm Winnipeg. Bhí 1,869 duine ann ag an am.

Inniu, tá Béarla ag 99% de na daoine ach tá Fraincis ag 11% díobh. Tá an Fhraincis ó dhúchas ag timpeall is 5%, an chuid is mó díobh ina gcónaí i gcomharsanacht St. Boniface, mar a bhfuil ospidéal agus scoil tríú leibhéil acu. Mar sin féin, níl an Fhraincis ach ag 30% de mhuintir St. Boniface agus úsáideann leath díobh Béarla sa bhaile anois chomh maith.

Bundúchasaigh iad 63,745 duine i Winnipeg (10.2% de dhaonra na cathrach). Tá an teanga Ojibway ag 0.6% den daonra agus Cree ag 0.5%.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [1] Statistics Canada

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]