Virginia Laparra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVirginia Laparra

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithIsla Nublar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversidad de San Carlos de Guatemala (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheQuetzaltenango
Gníomhaíocht
Gairmionchúisitheoir Cuir in eagar ar Wikidata

Virginia Laparra 42 bliain d'aois, timpeall cúig throigh ar airde, agus ceanglaíonn sí a cuid gruaige donn dorcha le heireaball capaill. Tá an dath fadaithe agus nochtann sí roinnt gruaige liath. Caithean sí spéaclaí dubh-imeallta le haghaidh gearr-radhairc agus aistiogmatachta.[1]

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Laparra ina cheannaire ar La Fiscalía Especial contra la Impunidad (FECI) (Gaeilge: An tIonchúiseamh Speisialta i gcoinne saoirse ó phionós) i gcúirt Quetzaltenango. Osclaíodh cúirt Quetzaltenango sa bhliainin 2016 chun comhar a spreagadh idir La Comisión Internacional contra la Impunidad en Guatemala (CICIG) agus an FECI, agus tá dlínse aici ar na ranna Quetzaltenango, Huehuetenango, Totonicapán agus San Marcos agus dúnadh é sa bhliain 2018 le deireadh CICIG agus imeacht Iván Velásquez, an té a bhí i gceannas ar an CICIG. Sa bhliain 2020, osclaíodh an FECI arís, faoi stiúir Virginia Laparra, ón bhliain 2014 go 2020. D'ionchúisigh sí thart ar 200 duine, lena n-áirítear polaiteoirí agus lucht gnó a bhí cúisithe as éilliú.

Cúisíodh Virginia Laparra, an t-ionchúisitheoir sinsearach frith-éillithe, as mí-úsáid údaráis mar dhíoltas as a hamhras a thuairisciú gur sceith breitheamh (Lesther Castellanos) sonraí íogaire ó chás éillithe séalaithe chuig comhghleacaí in 2017.

Chuir bord araíonachta smachtbhanna ar an mbreitheamh, Lesther Castellanos, ach ansin cuireadh comhghearán coiriúil isteach chuig La Fundación Contra el Terrorismo de Guatemala (Gaeilge: An Foras in aghaidh na Sceimhlitheoireachta)- grúpa den eite dheis sgust lucht séanta an Uileloiscthe a bhfuil cuntas teiste fada aige maidir le cúisimh bhréagacha a thabhairt i gcoinne ionchúisitheoirí agus breithiúna, a mheasann siad mar naimhde.

Ní dheachaigh an cás i gcoinne Laparra áit ar bith go dtí gur gabhadh í i mí Feabhra. D’ordaigh cúirt athchuir faoi choimeád, agus cuireadh Laparra óna teach cónaithe i gcathair Quetzaltenango go príosún ardslándála i gCathair Guatamala – 200 míle óna leanaí – áit a gcuirtear coirpigh mhíleata agus iar-uachtaráin i bpríosún as coireanna cogaidh agus éillithe.

Maoirsíonn an t-ard-aighne, María Consuelo Porras an t-ionchúiseamh, a chuir rúnaí stáit na Stát Aontaithe, Antony Blinken, ar an liosta dubh níos luaithe i mbliana agus é ag maíomh an méid seo a leanas faoi iompar María Consuelo Porras “(She) repeatedly obstructed and undermined anti-corruption investigations to protect her political allies and gain undue political favor”.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. No ver la luz Caso se Virginia Laparra