Vicipéid:Suntasacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Polasaí Suntasachta Vicipéid

Glacaimid le hailt faoi raon leathan daoine agus nithe sa Vicipéid, ach iad critéir nó riachtanais áirithe a chomhlíonadh, is é sin, an bhfuil an t-ábhar feiceálach go leor (is é sin go dtuilleann an t-ábhar áit ar Vicipéid mar gur fiú suntas a chur ann nó gur fiú le rá é. Má mheastar nach fiú áit a thabhairt dó cionn is nach gcomhlíonann sé na critéir seo, ansin deirtear nach bhfuil sé feiceálach go leor, agus mar sin níl sé incháilithe.

Má mheastar nach bhfuil an t-ábhar /duine feiceálach go leor, scriosfar an leathanach. Mura gcomhlíonann an t-ábhar na riachtanais, féadfar leas a bhaint as laistigh d'alt eile.

Tabhair faoi deara; cuirtear an nóta suntasachta (Teimpléad:Suntasacht) ag barr an leathanaigh le cur in iúl go mb’fhéidir nach gcomhlíonfaidh an t-ábhar riachtanais suntasachta na Vicipéide.

Critéir suntasachta[athraigh foinse]

Is iad seo na príomhriachtanais suntasachta:

Áiteanna[athraigh foinse]

I gcás áiteanna agus tírghnéithe, is féidir iad a fháil ar léarscáileanna nó atlais chaighdeánacha. I gcás tírghnéithe níos lú, ní mór dóthain faisnéise a bheith ar fáil le iad a thaifeadadh. Tá ailt ar láithreáin a bhfuil ainmniú caomhnaithe acu ceadaithe (m.sh. ‘Láithreán sainspéise eolaíochta’, srl) a léiríonn limistéar cosanta agus gach foirgneamh ag a bhfuil ‘Taifead ar dhéanmhais cosanta’ nó a choibhéis aige (tomhaiste de réir go bhfuil spéis ar leith acu ó thaobh na hailtireachta, na staire, na seandálaíochta, na healaíontachta, an chultúir, nó na heolaíochta srl.)

Mura gcomhlíonann sé na riachtanais, is féidir an t-ábhar a chomhcheangal laistigh d'alt eile (e.g. halla sráidbhaile nach bhfuil cláraithe go hoifigiúil a chur leis an alt ar an sráidbhaile.)

Daoine[athraigh foinse]

Ba cheart don ábhar ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a chomhlíonadh:

  • Tuilleann an duine nó an t-ábhar áit i gciclipéid chaighdeánach nó lámhleabhar caighdeánach ar an ábhar atá i gceist e.g. beathaisnéis ar líne nó leabhar caighdéanach.
  • I gcás daoine nó cúrsaí reatha, aithne leitheadach a bheith ar an duine (nó go raibh cáil uirthi/air le linn a saoil) nó go raibh tagairtí dó / di sa phreas nó sna meáin nó in alt caighdeánach ar an idirlíon nó i leabhar (mar shampla i mBeathaisnéis, i gCiclipéid).
  • Bhí tionchar ag an duine ar dhaoine eile laistigh dá réimse féin.
  • Buaiteoir gradaim náisiúnta nó idirnáisiúnta (e.g. i mbun spóirt ar son a t(h)íre, duais ag Oireachtas na Gaeilge srl.)

Leabhair[athraigh foinse]

Tá leabhair suntasach, agus is fiú go mór alt a scríobh faoi, má chomhlíonann sé go fírinneach trí fhoinsí iontaofa, ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

  • Bhí an leabhar mar ábhar in dhá shaothar neamhfhoilsithe, nó níos mó, atá le feiceáil i bhfoinsí atá neamhspleách ar an leabhar féin. Cuimsíonn sé seo saothair foilsithe i ngach foirm, mar shampla ailt nuachtáin, cláir faisnéise teilifíse, liostaí leabhar a raibh díolaíocht ard orthu, agus léirmheasanna. * Ní chuimsíonn sé seo athchlónna preaseisiúintí sna meáin, preaseisiúintí, flapaí leabhar, nó foilseacháin eile ina ndéanann an t-údar, a fhoilsitheoir, a ghníomhaire, nó páirtithe leasmhara eile fógraíocht nó labhairt faoin leabhar.
  • Tá mórdhuais liteartha buaite ag an leabhar.
  • Mheas foinsí iontaofa gur chuidigh an leabhar go mór le scannán suntasach nó tábhachtach, nó foirm ealaíne eile, nó imeacht nó gluaiseacht pholaitiúil nó reiligiúnach.
  • Tá, nó bhí, an leabhar ina ábhar teagaisc ag dhá scoil nó níos mó, coláistí, ollscoileanna nó cláir iarchéime in aon tír ar leith.
  • Tá leabhar an údair chomh suntasach ó thaobh na staire de go bhféadtar a mheas go bhfuil saothar ar bith a scríobh an t-údar suntasach. Ní hionann sin is a rá go bhfuil údar an leabhair suntasach de réir chaighdeán na Vicipéide; ina áit sin, bheadh leabhar an údair a bhfuil tábhacht eisceachtúil leis agus saothar scríofa an údair ina ábhar coitianta sa staidéar acadúil.

Samplaí ar leith[athraigh foinse]

Nuair a áirítear banna nó amhránaí, molaimid go mbeadh ceann nó dhó díobh seo a leanas fíor:

  • Go bhfuil 2 dhiosca nó albam ar a laghad eisithe ag acu.
  • Tá léirmheasanna ar ghigeanna an bhanna / an t-amhránaí le feiceáil sa phreas náisiúnta agus go raibh an banna / an t-amhránaí ag seinm le breis agus dhá bhliain.
  • Tá an banna / an t-amhránaí le feiceáil i mbeathaisnéis (seachas eolaire).
  • Go n-aithnítear an banna / an t-amhránaí i mbeathaisnéis (seachas eolaire).
  • Go bpléitear an banna / an t-amhránaí in ailt, i leabhair, ar an teilifís, srl. Ní leor tagairtí fánacha.
  • Tá gradam mór le rá buaite ag an mbanna / amhránaí. Ní chuimsíonn sé seo duaiseanna nó gradaim áitiúla d’amhránaí nó bhanna nuabhunaithe.
  • D’fhéadfadh alt iomlán a bheith tuillte ag albam nó amhrán áirithe faoi leith. (Mar shampla, má bhí albam nuálach nó eisceachtúil ar bhealach éigin, ansin is féidir go mbeadh alt ar leith faoin taifeadadh inghlactha. Chomhlíonfadh gach amhráin san Fhéile Pan Cheilteach na riachtanais seo.

Comhthéacs na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha eile[athraigh foinse]

Mar is léir thíos maolaítear beagáinín na gnáthrialacha agus é mar aidhm againn a bheith in ann cur síos a dhéanamh agus faisnéis a sholáthar do léitheoirí na Vicipéide faoi ábhair Ghaeilge. Mar sin ceadaítear ailt a tharraingt isteach ar:

  • Siopaí Leabhar a choimeádann stoc suntasach leabhar i nGaeilge / sna teangacha Ceilteacha eile, ag roinnt foilsitheoirí agus má tá siad suntasach, ach ní seilfeanna Gaeilge i siopaí ar nós Waterstones, Hodges Figgis, srl.
  • Leabhair Ghaelacha nó i dteanga Ceilteach eile — ceadaítear alt ar aon leabhar atá foilsithe.
  • Earraí a rinneadh in Éirinn, nó sna tíortha Ceilteacha eile.
  • Eagraíochtai / Cumainn agus grúpaí Gaelacha nó cumainn Cheilteacha eile.
  • Nuachtáin Ghaelacha nó nuachtáin Cheilteacha eile.
  • Suímh Ghréasáin, bogearraí agus aipeanna i nGaeilge nó i dteangacha Ceilteacha eile.
  • Institiúidí oideachais Gaelacha nó Ceilteacha.