Vicipéid:Sibhialtacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cuid de chód iompraíochta na Vicipéide í an tSiabhialtacht, agus tá sí ar cheann de na cúig philéir atá aici. Is caighdeán iompraíochta é an polasaí sibhialtachta, a leagann amach conas a idirghníomhaíonn lucht eagarthóireachta na Vicipéide le chéile: ba chóir d'eagarthóirí iarracht a dhéanamh déileáil i gcónaí le gach duine le comaoin chuí agus le meas. Fiú le linn díospóireachtaí corraithe, ba cheart go n-iompródh eagarthóirí iad féin go béasach, neamhfhlosctha agus go réasúnta, d'fhonn an fócas a choinneáil ar fheabhsú na ciclipéide agus chun cabhrú le timpeallacht eagarthóireachta thaitneamhach a chothú.

Neamhshibhialtacht[athraigh foinse]

Bíonn neamhshibhialtacht comhdhéanta d'ionsaithe pearsanta, tútail, agus iompar ionsaitheach a chuireann isteach ar an dtionscadal agus a bhíonn mar thoradh air ná strus neamhthorthúil agus coimhlint.