Vicipéid:An Feimineachas agus an Béaloideas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is aoibhinn leis an WIKI Béaloideas

Cláraigh anseo ar Dashboard

Is comórtas grianghrafadóireachta é Wiki Loves Folklore a bheidh ar siúl ar feadh mí Feabhra 2022. Beidh sé mar aidhm aige ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht na dtraidisiún dúchasach ar fud an domhain trí ghrianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime a roinnt. Is anseo a gheobhaidh tú na sonraí uile, agus eolas san áireamh ar conas cur isteach ar an gcomórtas.

Comórtas scríbhneoireachta idirnáisiúnta de chuid Vicipéide atá i gceist le Feminism and Folklore (An Feimineachas agus an Béaloideas) ar cuireadh tús leis in 2019 mar chuid de Wiki Loves Folklore. Beidh sé ar siúl ar feadh mí Feabhra agus Márta 2022, agus is í an chuspóir a bheidh aige ná cultúir traidisiúnta agus mná sa bhéaloideas ó réigiúin éagsúla ar fud an domhain a thaifeadadh i Vicipéid.

Sa bhliain 2022, beidh comórtas náisiúnta áitiúil ar siúl in Éirinn in éineacht le Wiki Loves Folklore agus Feminism and Folklore!

Leagan áitiúil Éireannach den chomórtas scríbhneoireachta atá ann a spreagann eagarthóirí le hábhar a scríobh as Gaeilge a bhaineann le téamaí an fheimineachais agus an bhéaloidis, bíodh siad in Éirinn nó áit ar bith eile ar domhan. Tig le heagarthóirí ailt nua a chruthú, ailt atá ann faoi láthair a fheabhsú, nó ailt a aistriú ó theangacha eile go Gaeilge.

Caithfear go mbeidh na hailt ag teacht leis an téama, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh seo amháin, féilte, cultúr ábharach, damhsaí, cócaireacht, éadaí, nó gnáthamh laethúil an tsaoil, le béim ar chultúr traidisiúnta sa cheantar atá i gceist. Bíonn bríonna éagsúla le hoidhreacht chultúir dholáimhsithe do ghrúpaí éagsúla, agus mar sin dírítear ar ábhar na n-alt a fheabhsú, cothaítear an dialóg idirchultúrtha, agus spreagtar daoine le súil a chaitheamh ar mhodhanna maireachtála eile ar bhonn cóimheasa.

1 Feabhra 2022 00:01 UTC - 31 Márta 2022 11:59 UTC

Feabhra - An béaloideas traidisiúnta ar fud an domhain, lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dó: féilte, damhsaí, ceol, imeachtaí, cluichí, cócaireacht, éadaí, síscéalta, drámaí, ealaíona, reiligiún, miotaseolaíocht, ⁊rl.

Márta - Mná sa Bhéaloideas

Duaiseanna do na rannpháirtithe is fearr[athraigh foinse]

Dearbháin Amazon nó Dearbháin Leabhar Náisiúnta:

  • 1ú: €50
  • 2ú: €25
  • 3ú: €15

Rannpháirtithe[athraigh foinse]

Cláraigh anseo ar Dashboard

Sonraí teagmhála[athraigh foinse]

  • wikimediaireland@gmail.com

Eagráin[athraigh foinse]