Vicipéid:Achoimre ar theimpléid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugann an leathanach seo míniú simplí ar conas a úsáidtear teimpléad mar uirlis eagarthóireachta ar an Vicipéid.

Is leathanaigh iad teimpléid atá suite in ainmspás na dteimpléad. Ciallaíonn sé sin gur féidir le leathanach ar bith leis an réimír "Teimpléad:" roimhe (m.sh. [[Teimpléad:ainmTeimpléad]]) a bheith ina theimpléad. Is féidir ábhar teimpléid a ionsá i leathanach ar bith trí {{ainmTeimpléad}} a ionchur san áit chuí.

Úsáidtear teimpléid le hábhar a chur le leathanaigh i mbealach caighdeánach. Mar shampla,

  • teachtaireachtaí coitianta - {{Síol}}
  • boscaí eolais - {{ie baile infobox}}
  • boscaí nascleanúna - {{Taoisigh na hÉireann}}

Tá teimpléid in ann glacadh le paraiméadair (m.sh. {{ie baile infobox}} ). I gcásanna mar seo, athraíonn an téacs a ghineann an teimpléad de réir mar a athraíonn luachanna na bpairaiméadar.

Ag cruthú agus ag athrú teimpléid[athraigh foinse]

Cuirtear tús le teimpléad nua sa tslí chéanna is a chuirtear tús le gnáthleathanach vicí seachas go gcaithfidh teideal an teimpléid tosú le Teimpléad:. Nuair atá an teimpléad réidh, is féidir ábhar an teimpléid a chur le leathanach ar bith trí {{ainmTeimpléad}} a ionsá sa leathanach. Má athraítear an teimpléad, beidh éifeacht na n-athruithe le feiceáil ar na leathanaigh ar fad atá an clib {{ainmTeimpléad}} iontu.

Is féidir an éifeacht seo a sheachtaint trí {{subst:''ainmTeimpléad''}} a úsáid in ionad {{ainmTeimpléad}}. Sa chás seo, tógann an córas cóip de théacs an teimpléid agus cuireann sé an téacs isteach in ionad clib an teimpléid. Má athraítear an teimpléad, ní bheidh éifeacht na n-athruithe le feiceáil ar na leathanaigh a d'úsáid an eochairfhocal subst:.

Má fheiceann tú teimpléad in úsáid darbh ainm {{teimp}} agus teastaíonn uait é a athrú, ba cheart

Ceisteanna Comónta[athraigh foinse]

An féidir an teimpléad céanna a úsáid i dtionscadail éagsúla?
Ní féidir. Má theastaíonn uait ceann a úsaid i dhá Vicipéid éagsúla, is gá dhá leagan a chruthú.
An bhfuil ainm teimpléíd cásíogair?
Tá, seachas an chéad litir.
An féidir paraiméadair a chur le teimpléad?
Is féidir.
Cé mhéad teimpléad is féidir a úsáid ar leathanach?
Níl aon srian ar an líon teimpléad is féidir a úsáid ar leathanach.
D'athraigh mé teimpléad, ach níl na hathruithe le feiceáil ar cuid de na leathanaigh a bhaineann úsáid as. Cén fáth?
Tá roinnt fabhtaí taisce ann. Is féidir iachall a chur ar leathanach athnuachan a dhéanamh trí chliceáíl ar "Athraigh an lch seo" (ní gá aon rud a athrú i ndáiríre) agus ansin é a shábháil arís. D'fhéadfaí triail a bhaint as CTRL + F5 freisin.
An féidir teimpléad a athainmniú?
Is féidir. Oibríonn sé seo sa tslí chéanna le gnáthleathanach a athainmniú. Cliceáil ar an táb "Athainmnigh" leis seo a chur i bhfeidhm.