Väinö Riikkilä

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVäinö Riikkilä

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fi) Väinö Ilmari Riikkilä
10 Meitheamh 1906
Loviisa, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Meán Fómhair 1969
63 bliana d'aois
Rauma, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheHeilsincí
Karhula
Kotka
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, youth book author (en) Aistrigh, bainisteoir stórais Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis

IMDB: nm3532196 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Fionlannach a scríobhadh scéalta do léitheoirí óga ab ea Väinö Ilmari Riikkilä. Saolaíodh i Loviisa ar an 10 Meitheamh 1906 é agus fuair sé bás i Rauma ar an 6 Meán Fómhair 1969.

A Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh de scolaíocht ag Riikkilä ach an scoil náisiúnta. Throid a athair i gCogadh Cathartha na Fionlainne sna Gardaí Dearga, agus cuireadh chun báis i ndiaidh an chogaidh é. B'éigean don bhuachaill dul ag obair nuair nach raibh ach dhá bhliain déag d'aois aige, ó bhí an teaghlach beo bocht. Tháinig feabhas éigin ar na cúrsaí i ndiaidh na sclábhaíochta seo, nuair a rinne a mháthair athphósadh ar fhear arbh as cathair Kotka dó, agus shocraigh an teaghlach síos in Karhula (cathair in aice le Kotka, ar cuid den chathair eile í inniu), i gceantar Suulisniemi. Tá imeachtaí na leabhar a tháinig ó pheann Riikkilä suite in Suulisniemi don chuid is mó.

An Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an nuachtán áitiúil ag foilsiú téacsaí le Riikkilä sa bhliain 1929. Nuair a d'aistrigh sé go Heilsincí, fuair sé oiliúint scríbhneoireachta i Scoil an Lucht Oibre (Työväenopisto).

Pertsa agus Kilu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh an chéad úrscéal le Riikkilä i dtús na gcaogaidí. Ùrscéal don aos óg a bhí ann agus é ag tabhairt cur síos ar shaol na beirte buachaillí úd Pertsa agus Kilu. Ba iad na húrscéalta faoi Phertsa agus Kilu an chuid lárnach de shaothar Riikkilä. Buachaillí óga a bhí iontu agus iad ag fás aníos i Suulisniemi, chois chuan trádála Kotka, agus brionglóidí acu faoi shaol an mhairneálaigh: mar sin, tógann siad a mbád seoil féin agus miontrádáil á déanamh acu. De dheasca an ghnó seo, tagann siad i dteagmháil le coirpigh scanrúla atá ag iarraidh bád na mbuachaillí a shealbhú lena n-úsáid féin a bhaint aisti: Eino Suokko, síceapatach cruálach, agus Robert Manki, iar-mhairneálach a bhíonn ag meascadh focail iasachta trína chuid Fionlainnise. Bíonn na buachaillí ag cabhrú leis na póilíní na bithiúnaigh seo a ghabháil agus a phríosúnú, agus dá réir sin tá fonn ar na coirpigh díoltas a agairt ar na hógánaigh a thúisce is a gheobhaidh siad a saoirse ar ais.

Bhí gnaoi na léitheoirí óga ar na húrscéalta faoi Phertsa agus Kilu, agus sna seachtóidí rinneadh sraithscéal teilifíse faoina gcuid eachtraí. Tháinig sraithscéal nua chun saoil sa bhliain 2000, agus fiche bliain ina dhiaidh sin rinne Taavi Vartia, stiúrthóir agus scriptscríbhneoir na sraithe nua, scannán faoi eachtraí na mbuachaillí. Bhí leagan Vartia d'eachtraí na mbuachaillí ní b'fhantaisí ná leabhair Riikkilä, nó bhí Riikkilä an-réadúil mar scríbhneoir agus é ag tabhairt mionchur síos ar an timpeallacht, ar dhearcadh na ndaoine sna caogaidí agus ar choimhlint an lucht oibre agus lucht an tsaibhris mar a chonaic sé féin é.

Saothar Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amach ó shraith Phertsa agus Kilu, scríobh Riikkilä úrscéalta faoi Iikka agus Vili, buachaillí a raibh cónaí orthu i Suulisniemi chomh maith, agus iad ní b'óige ná Pertsa agus Kilu - bhí mionról acu in eachtraí na mórshraithe úrscéalta mar "bhuachaillí beaga". Thairis sin, bhreac an t-údar síos cúpla úrscéal do léitheoirí fásta faoi shaol an lucht oibre in Kotka, agus blas áirithe dírbheathaisnéise le haithint ar na scéalta seo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]