Urania (iris)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesUrania
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
Am tosaigh1916 Cuir in eagar ar Wikidata
Am deiridh1940 Cuir in eagar ar Wikidata

Iris léann inscne fheimineach a scaipeadh go príobháideach a bhí in Urania, a foilsíodh idir 1916 agus 1940. Ar na heagarthóirí bhí Eva Gore-Booth, Esther Roper, Irene Clyde, Dorothy Cornish, agus Jessey Wade.[1] Foilsíodh í mar démhíosachán ó 1916 go 1920, ansin trí huaire sa bhliain, mar gheall ar chostais arda.[2]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí go leor d'eagarthóirí na hirise nasctha le chéile tríd an Aëthnic Union, grúpa réabhlóideach feimineach a bunaíodh i 1911..[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé i gceist ag Urania dúshlán a thabhairt do steiréitíopaí inscne agus 'deireadh a chur le hinscne' (Béarla:abolition’ of gender );[4] agus bhí an ráiteas seo a leanas "There are no 'men' or 'women' in Urania." ina cheannlíne ar gach eagrán.[5]. D'úsáideadh an frása "Sex is an accident" go minic san iris.[6]

D'fhoilsigh D. R. Mitra, Manoranjan Press, Bombay an iris go príobháideach.

D'fhan an iris príobháideach le linn a stair 24 bliain; thud nóta na ndáileoirí ag deireadh gach eagrán le fios; "Urania is not published, nor offered to the public, but [...] can be had by friends., [7] Chothaigh eagarthóirí Urania líonra neamhfhoirmiúil de lucht tacaíochta agus taobhaitheoirí d’aon ghnó, ag spreagadh léitheoirí a n-ainmneacha a chur isteach chuig clár.[8] Mhaígh an iris go raibh figiúirí díolacháin timpeall 250 aici.[9]

Ábhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc ábhar eile, d’fhoilsigh an iris ailt faoi ghluaiseachtaí feimineacha ar fud an domhain [10] agus thiomsaigh faisnéis faoi obráidí aistrithe inscne.[11]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Das 3. Geschlecht

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Women, Social and Cultural Change in Twentieth Century Ireland: Dissenting Voices?" (in en) (2009): 173. Cambridge: Cambridge Scholars Publishing. ISBN 978-1-4438-0693-0. 
  2. Steele (2018). "Women's Periodicals and Print Culture in Britain, 1918–1939: The Interwar Period": 388. Edinburgh: Edinburgh University Press. doi:10.3366/edinburgh/9781474412537.001.0001. ISBN 978-1-4744-1254-4. 
  3. Tiernan (2011). "Challenging Presumptions of Heterosexuality: Eva Gore-Booth, A Biographical Case Study". Historical Reflections 37 (2): 58–71. doi:10.3167/hrrh.2011.370205. JSTOR 41403720. 
  4. Carey. “The Politics of Urania” (en-US). Glasgow Women's Library. Dáta rochtana: 2020-06-28.
  5. Hamer (2016). "Britannia's Glory: A History of Twentieth Century Lesbians" (in en): 69. Bloomsbury Publishing. ISBN 978-1-4742-9280-1. 
  6. Talking Back” (en). Historic England. Dáta rochtana: 2020-06-28.
  7. Succi (2017-03-14). “Urania: How to be a bad XXs feminist and a queer angel in the 20s” (en-US). Glasgow Women's Library. Dáta rochtana: 2020-06-28.
  8. Oram (2001-06-01). "Feminism, Androgyny and Love between Women in Urania, 1916-1940". Media History 7 (1): 57–70. doi:10.1080/1368800120048245. ISSN 1368-8804. PMID 21046841. 
  9. "Women's Periodicals and Print Culture in Britain, 1918-1939: The Interwar Period" (in en) (2018): 389. Edinburgh: Edinburgh University Press. ISBN 978-1-4744-1254-4. 
  10. Steer (2016-09-12). “5 Questions with Olivia Plender” (en-US). ELEPHANT.art. Dáta rochtana: 2020-06-30.
  11. "Sapphists and Sexologists; Histories of Sexualities" (in en) (2009) 2: 65. Cambridge: Cambridge Scholars Publishing. ISBN 978-1-4438-0838-5. 

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Patai (1993). "Fantasy and Identity: The Double Life of a Victorian Sexual Radical". Rediscovering Forgotten Radicals: British Women Writers 1889-1939: 265–302. Chapel Hill, North Carolina: The University of North Carolina Press. ISBN 978-0-8078-4414-4. 
  • White (2021-05-18). “Jenny White reflects on the legacy of Urania”. LSE Review of Books.