Jump to content

William Drennan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Uilliam Drennan)
Infotaula de personaWilliam Drennan
Beathaisnéis
Breith23 Bealtaine 1754
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Feabhra 1820
65 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ghlaschú
Ollscoil Dhún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdochtúir leighis, file Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Teaghlach
PáisteSarah Drennan Cuir in eagar ar Wikidata
AthairThomas Drennan
SiblínMartha McTier

Rugadh an lia, tírghráthóir, agus mionfhilea Éireannach William Drennan (leagan galldaithe den shloinne Gaelach Ó Draighnáin) sa bhliain 1754, i mansa an Chéad Eaglais Phreispitéirigh, Sráid Rósmhuire, Béal Feirste. Mac leis an Urramach Thomas Drennan (1696 -1762) agus Anne Lennox (1718 -1806), lena dheirfiúracha níos sine Martha (Martha McTier) agus Nancy, bhí sé ar dhuine den thriúr amháin dá n-aon leanbh déag a tháinig slán ón naíonacht.

Oideachas Eagnaíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil lena athair, rinne Drennan staidéar in Ollscoil Ghlaschú, ionad de chuid na hEagnaíochta Albanaí. Trí chomhairleoir a athar, an fealsamh morálta Éireannach Francis Hutcheson (1694-1746), bhí glúin nua smaointeoirí Albanacha tar éis tarraingt ar éiteas poblachtach na frithsheasmhachta Preispitéireach in aghaidh an fhorchuir ríoga agus easpaig, chun an rud ar a dtug Drennan “the restless power of reason" a chosaint. [1] Ag teacht leis an ghluaiseacht chun spéis an phobail a mhúscailt i bhfealsamh Hutcheson, a bhí ag a chara Dugald Stewart i nDún Éideann, a nasc coinsias aonair i gcúrsaí creidimh leis an gceart comhchoiteann chun seasamh in aghaidh rialtas leatromach, luaigh Drennan ina dhiaidh sin an Treatises on Government le John Lock, mar a "prime authority on politics" [2]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Smyth (2012). "Wolfe Tone's Library: The United Irishmen and "Enlightenment"". Eighteenth-Century Studies 45 (3). doi:10.1353/ecs.2012.0023. 
  2. Drennan (1991). "The Trial of William Drennan". Dublin: Academic Press. ISBN 978-0-7165-2457-1.