Úlla
Úlla | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Luimnigh | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 324 | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1411627 |
Baile beag é Úlla[1] (Béarla: Oola) atá i gContae Luimnigh i lár iarthar na hÉireann. Tá sé gar do chathair Luimnigh i gCúige na Mumhan, Poblacht na hÉireann.
Ar phríomhbhóthar an N24 idir Luimneach agus Port Láirge atá an baile agus tá Tiobraid Árann 12 km soir ó dheas uaidh.
Ar an mbaile beag féin tá teach pobail (Eaglais Mhuire gan Smál), stáisiún peitril, siopa ginearálta a osclaíonn go dtí go mbíonn sé déanach, péire tithe tábhairne, páirc imeartha, oifig an phoist, comhar creidmheasa, halla pobail, agus díoltóir bláthanna ina measc.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl ballóga Chaisleán Úlla i bhfad ón mbaile beag. Fuarthas beanna an fhia mhóir anseo sa mbliain 1825 agus bhí caoi mhaith orthu. Sa mbliain 1828 thángthas ar thrumpa práis agus ar shleá agus ar reanna saighde cré-umhaí. Tugadh na rudaí seo d’iarsmalann Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé nach mbíonn seirbhís traenach chuig an mbaile níos mó, tá mórstáisiún Gabhal Luimnigh in aice láimhe. Cónaí ar thart ar 500 duine in Úlla faoi láthair.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Úlla/Oola | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.