U-luach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is mór i gceist le U-luach ná an teasdíonadh i dtógáil tithe. Is amhlaidh a dhéanann sé siúd an fuinneamh teasa a chaomhnú taobh istigh den teach féin. Mar shampla, fágtar log aeir i lár na mballaí, agus is teasdíontóir an uair sin an ciseal aeir. Chomh maith leis sin cuirtear cisil de ghloine shnáithíneach nó de chúr polúireatáin isteach sa log chun an teasdíonadh a fheabhsú. Lonnaítear cisil de na hábhair sin ar urlár an áiléir sa teach chomh maith. Is chun teasdíonadh a dhéanamh ar bharr an tí é sin. Is é an tU-luach an t-ainm a thugtar ar luach seoltachta an chisil le linn an oibrithe seo. U-luach ar chiseal ábhair - is é rud é féin: an teaschumhacht a shreabhadh trasna an chisil trí mhéadar cearnach, agus laghdú teochta 1 chéim Celsius idir an dá thaobh den chiseal air. Cuir i gcás go méadófaí ar thiús an ábhair teasdíonta, le cisil bhreise a chur i mballa. Ní hamháin go laghdófaí an uair sin ar an U-luach ba chomhthoradh air sin, ach mhéadófaí an an teasdíonadh chomh maith.

Gloine fuinneoige - is seoltóir maith teasa í. Cailleann teach an-chuid teasa ar an tslí sin - amach trí na fuinneoga. Is minic mar sin gur fuinneoga faoi ghloiniú dúbailte a chuirtear ar theach. Bíonn teasdíonadh le fáil ansin ón aer sa log idir an dá phána, agus laghdaíonn sé sin ar U-luach na fuinneoige.

Foirmle[cuir in eagar | athraigh foinse]