Tubaiste staid Heysel
| ||||
Cineál | táinrith stadium disaster (en) | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 29 Bealtaine 1985 | |||
Suíomh | Heysel, An Bheilg | |||
Tír | an Bheilg | |||
Spórt | sacar | |||
Cúis | crowd collapses and crushes (en) | |||
Líon básanna | 39 | |||
Líon gortaithe | 400 | |||
...
Tharla tubaiste staid Heysel ar 29 Bealtaine 1985, Bhí cluiche ceannais coirn na hEorpa[1] ar tí tosú nuair a chuir lucht tacaíochta Liverpool an ruaig ar lucht leanúna fhoireann Juventus. Tharla plódú agus maraíodh 39 duine - Iodálaigh an chuid is mó, fear mí-ámharach as Béal Feirste san áireamh, Patrick Radcliffe, san áit mhícheart ag an am mícheart.[2]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lucht leanúna fhoireann Juventus uilig a maraíodh sa phlódú. Faoi dheireadh, briseadh balla sa staid agus bhí na hIodálaigh in ann éalú.[3]
Uair amháin níos déanaí, chinn UEFA agus na póilíní dul ar aghaidh leis an chluiche, cinneadh a tharraing conspóid ollmhór. Ansin chinn an chuid is mó de na stáisiúin teilifíse an chluiche a chraoladh (seachas sa Ghearmáin) agus bhí an lucht féachana sásta breathnú ar an gcluiche, agus bhí a fhios acu ag an am sin gur tharla tragóid ollmhór.
D’aimsigh Michel Platini cic éirice do Juventus chun an cluiche a bhuachan do na hIodálaigh.[4]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dhá lá níos déanaí, ar 31 Bealtaine 1985 chuir UEFA (Aontas Chumainn Sacair na hEorpa) cosc ar na Sasanaigh imirt ar an Mór-Roinn de bharr tubaiste Heysel agus amhais an tsacair i Sasana ag an am. Cuireadh deireadh leis an gcosc sa bhliain 1990/91 ach ba mheasa a raibh i ndán do Liverpool mar cuireadh cosc orthu páirt a ghlacadh i gcomórtais Eorpacha ar feadh sé shéasúr (bhí Learpholl FC in ann imirt sa Léig UEFA arís an bhliain d1991/92).[4]
Sa bhliain 1988, cúisíodh 26 as Learpholl agus an Bheilg i ndúnorgain. An bhliain dár gcionn, fuarthas 14 ciontach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ an "UEFA Champions League" ó 1990 ar leith
- ↑ "Remembering Belfast man Patrick Radcliffe who died in Heysel tragedy" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2015-05-29). Dáta rochtana: 2023-05-28.
- ↑ Clár faisnéise BBC (2005). "Heysel Disaster 1985: Requiem for a cup final" (as en).
- ↑ 4.0 4.1 Pádraic Ó Ciardha (18 Bealtaine 2016). "Cúig chluiche ceannais san Eoraip nach ndéanfaidh Liverpool dearmad go deo orthu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-28.