Tubaiste Surfside

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTubaiste Surfside
Íomhá
Map
 25°52′23″N 80°07′15″W / 25.8731°N 80.1208°W / 25.8731; -80.1208
Cineálstructural failure (en) Aistrigh
tubaiste
progressive collapse (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana24 Meitheamh 2021 (01:25) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhChamplain Towers South, Florida (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Surfside, Florida Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna98 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe11 Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


sa bhliain 2021

Tharla Tubaiste Surfside ar 24 Meitheamh 2021, thart ar 1:30 a.m. de réir am na háite, nuair a thit bloc árasán anuas ina chnap go tobann. Bhí Champlain Towers South suite i Surfside, Miami, Florida. Túr dhá stór déag a bhí sa bhloc árasán a tógadh sa bhliain 1981.[1]

Fuair b'fhéidir 150̝ bás nuair a thit Champlain Towers anuas ina chnap. Bhí 136 árasáin sa bhloc agus mór go leor (110 m2 go 420 m2). Chuir tinte sa smionagar as go mór d'obair na seirbhísí tarrthála ar feadh cúpla lá.

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirítear i dtuarascáil innealtóra ó 2018 go raibh locht ollmhór ar dhearadh an fhoirgnimh.[2] Deirtear go raibh caoi le cur ar an árasán céanna níos deireanaí i mbliana.[3] Bhí obair athchóirithe á déanamh ar an díon ag an am, agus bhí obair dheisiúcháin ar bun i gcodanna eile den fhoirgneamh chomh maith.

D'ordaigh na húdaráis i stát Florida go ndéanfaí scrúdú iomlán sábháilteachta ar gach aon fhoirgneamh atá ar chomhaois le Champlain Towers.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2021-06-25). "159 duine ar iarraidh ó thit bloc árasán anuas i Miami" (as ga). 
  2. Nuacht RTÉ (2021-06-27). "Caighdeáin thógála foirgneamh le seiceáil i Florida" (as ga). 
  3. RTÉ Nuacht (2021-06-26). "159 duine nach bhfuil faighte fós de bharr tubaiste Miami" (as ga).