Triarach Píotagarásach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beochan a léiríonn an Triarach  Píotagarásach is simplí, 3 2+42+52 .

Is éard is triarach  Píotagarásach ann ná trí shlánuimhir dhearfach a, b, agus c, sa chaoi go bhfuil a2 + b2 = c2 . Scríobhtar triarach den sórt sin go coitianta mar (a, b, c), agus is sampla cáiliúil é (3, 4, 5) . Más triarach  Píotagarásach (a, b, c), is amhlaidh atá (ka, kb, kc) d'aon slánuimhir dearfach k .

Is éard is triarach bunúsach Píotagarásach ann ná ceann ina bhfuil a, b agus c ina chomhphríomha (is é sin, nach bhfuil aon roinnteoir coiteann níos mó ná 1 acu).[1] Tugtar triantán Píotagarásach ar thriantán a bhfuil a thaobhanna ina thriarach, agus is gá gur triantán ceart é .

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Long, Calvin T. (1972), Elementary Introduction to Number Theory (2nd ed.), Lexington: D. C. Heath and Company, LCCN 77171950